Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 29:22-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

22. “An ghlúin le teacht, an chlann a éiríonn suas in bhur ndiaidh, agus an coimhthíoch a thagann ón imigéin, feicfidh siad plánna na tíre úd agus na galair a leagfaidh an Tiarna air,

23. agus liúfaidh siad: ‘Ruibh agus salann agus loscadh críche ar an bhfearann go léir! É gan cur gan toradh, gan féar ag fás go deo arís air! É millte mar Shodom agus Gomorá, Admá agus Zabóím, áiteanna a scrios an Tiarna le barr feirge agus díoltais.’

24. Déarfaidh na ciníocha go léir de liú: ‘Cén fáth ar thug an Tiarna an íde seo ar an tír? Cad is ciall le mórbhruth seo a fheirge?’

25. Déarfaidh daoine ansin: ‘Mar gur thréigeadar conradh an Tiarna, Dia a n‑aithreacha, an conradh a rinne sé leo nuair a thug sé amach iad as tír na hÉigipte;

26. mar go ndeachadar agus seirbhís a dhéanamh do dhéithe eile agus adhradh dóibh cé gur dhéithe iad nárbh aithnid dóibh agus nár thug seisean dóibh.

27. Uime sin las fraoch feirge an Tiarna in aghaidh na tíre seo, agus thug air na mallachtaí go léir atá scríofa sa leabhar seo.

28. Stoith an Tiarna iad as a dtír le barr feirge agus cuthaigh agus straidhne, agus chaith amach i dtír eile iad, mar a bhfuil siad inniu.’

29. “Baineann na rúin leis an Tiarna ár nDia; ach na nithe a fhoilsítear, is linne iad agus lenár gclann go deo d'fhonn go ndéanfaimís briathra uile an dlí seo a chomhlíonadh.

Léigh chaibidil críochnaithe Deotranaimí 29