Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 29:2-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Ghair Maois ar Iosrael go léir agus dúirt leo: “Chonaic sibh gach a ndearna an Tiarna os comhair bhur súl i dtír na hÉigipte le Forann, lena shearbhóntaí, agus lena thír uile,

3. na cathuithe móra a chonaic do shúile cinn, na comharthaí agus na hiontais mhóra úd;

4. ach go dtí an lá atá inniu ann, níor thug an Tiarna croí daoibh le tuiscint, ná súile le feiceáil, ná cluasa le clos.

5. Threoraigh mé san fhásach sibh ar feadh daichead bliain; ní dheachaigh caitheamh ar bhur gcuid éadaigh umaibh ná dreo ar do chuaráin faoi do chosa.

6. Níor ith sibh arán; níor ól sibh fíon ná braon crua, i dtreo go mbeadh a fhios agaibh gur mise an Tiarna bhur nDia.

7. Nuair a shroich sibh an áit seo tháinig Síochon rí Heisbeon agus Óg rí Bháiseán amach chun cath a chur inár n‑aghaidh, ach bhriseamar orthu.

8. Ghabhamar a dtír agus thugamar é mar oidhreacht do threibh Reúbaen agus do threibh Ghád agus do leath-threibh Mhanaise.

Léigh chaibidil críochnaithe Deotranaimí 29