Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 28:51-60 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

51. Íosfaidh siad an bhreis a bheidh ar d'airnéis agus toradh do thalún nó go scriosfar thú; fágfaidh siad thú gan arbhar gan fhíon, gan ola, gan breis ar do airnéis, ná breis ar do thréad, nó go ndíothóidh siad thú.

52. Cuirfidh siad léigear ort i do bhailte go léir, go dtí go dtitfidh na ballaí is airde agus is daingne, na ballaí inar chuir tú muinín ar fud do chríoch. Cuirfidh siad léigear ort sna bailte go léir ar fud do chríoch a thug an Tiarna do Dhia duit.

53. Le linn an léigir, agus san anró a chuirfidh do naimhde ort, íosfaidh tú toradh do cholainne féin, feoil na mac agus na n‑iníonacha a bhronn an Tiarna do Dhia ort.

54. An té is cneasta agus is cineálta in bhur measc, beidh súil mhuice aige ar a bhráthair, agus fiú ar a chéile cumainn, agus ar fhuíoll a chlainne;

55. diúltóidh sé aon chuid d'fheoil a leanaí a bheidh á hithe aige a thabhairt dóibh, óir le linn an léigir agus san anró ina gcuirfidh do naimhde thú i do bhailte go léir ní bheidh aon ní fágtha aige.

56. An bhean is cneasta agus is cineálta in bhur measc, an té sin atá chomh cneasta chomh cineálta sin nár lámhaigh sí bonn a coise a leagan ar an talamh riamh, beidh súil mhuice aici ar a céile cumainn, agus fiú ar a mac agus ar a hiníon;

57. ceilfidh sí orthu slánú a broinne idir a cosa agus an mac a bhéarfaidh sí, ach is d'fhonn iad a ithe; óir beidh ganntanas uafásach ann le linn an léigir agus san anró a chuirfidh do naimhde ort i do bhailte go léir.

58. “Mura gcoimeádann tú briathra uile an dlí seo atá scríofa sa leabhar seo le barr cáiréise, d'fhonn go mba eagal leat an t‑ainm glórmhar uafar seo: An Tiarna do Dhia,

59. buailfidh an Tiarna le plánna uafásacha thú, tú féin agus do shliocht; sea, le plánna troma buana, agus le galair nimhneacha sheasmhacha.

60. Seolfaidh sé ort arís galair uile na hÉigipte a ba eagal leat, agus cloífidh siad leat.

Léigh chaibidil críochnaithe Deotranaimí 28