Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 28:27-43 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

27. Buailfidh an Tiarna thú le neascóidí na hÉigipte, le hothras, le méirscrí agus le tochas, gan leigheas agat dóibh.

28. Buailfidh an Tiarna thú le poc buile agus le daille agus le meabhrán aigne;

29. agus beidh tú ag únfairt um mheán lae mar a bhíonn an dall ag únfairt sa dorchadas agus ní bheidh an t‑ádh i do bhóthar; ní bheidh ach leatrom agus slad á dhéanamh ort gan stad, gan lámh chúnta a fháil ó aon duine.

30. Pós bean agus luífidh duine eile léi; tóg teach agus ní dhéanfaidh tú cónaí ann; plandaigh fíonghort agus ní chruinneoidh tú a thorthaí.

31. Marófar do dhamh os comhair do shúl agus ní íosfaidh tú greim de; scuabfar d'asal uait os comhair do shúl agus ní dhéanfar é aisíoc leat; tabharfar do chaoirigh do do naimhde agus ní thiocfaidh aon duine i gcabhair ort.

32. Tabharfar do chlann mhac agus iníonacha ar láimh do dhaoine eile, agus gach lá beidh do shúile á snoí asat ag faire amach dóibh gan neart ar bith i do láimh leis an scéal a leigheas.

33. Cine nach eol duit, íosfaidh siad toradh d'ithreach agus do shaothair; ní bheidh tusa ach do do chrá agus do do bhrú de shíor.

34. Cuirfear le buile thú de bharr a bhfeicfidh do shúile cinn.

35. Buailfidh an Tiarna thú ar na glúine agus ar na cosa le neascóidí nach mbeidh leigheas le fáil agat orthu, ó bhonn do choise go baithis do chinn.

36. “Seolfaidh an Tiarna thú féin agus an rí a chuirfidh tú os do chionn go cine nárbh eol duit féin ná do d'aithreacha; déanfaidh tú fónamh ansiúd do dhéithe eile, déithe adhmaid agus cloiche.

37. Beidh tú i do cheap uafáis, i do sheanfhocal agus i do nath i measc na gciníocha go léir ina seolfaidh an Tiarna thú.

38. Scaipfir síol go flúirseach san ithir, ach is beag fómhar a chruinneoidh tú di, óir alpfaidh an lócaiste é.

39. Déanfaidh tú fíonghoirt a phlandáil agus a shaothrú, ach ní ólfaidh tú an fíon ná ní chruinneoidh tú na caora mar go n‑íosfaidh an chruimh iad.

40. Beidh crainn ológ agat ar fud do chríoch, ach ní dhéanfaidh tú thú féin a ungadh le hola, óir gearrfar anuas do chrainn ológ.

41. Ginfidh tú mic agus iníonacha, ach ní leat iad, óir rachaidh siad i mbraighdeanas.

42. Do chrainn go léir agus toradh d'ithreach, beidh siad ag an lócaiste.

43. An deoraí in bhur measc rachaidh sé céim ar chéim os do chionn, agus tusa céim ar chéim níos ísle.

Léigh chaibidil críochnaithe Deotranaimí 28