Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 28:1-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. “Má ghéilleann tú go dílis do ghlór an Tiarna agus na haitheanta go léir dá chuid atá á n‑ordú agam duit inniu a chomhlíonadh le barr cáiréise, cuirfidh an Tiarna do Dhia thú go hard os cionn náisiúin uile na cruinne.

2. Tiocfaidh na beannachtaí uile seo leanas suas leat agus fanfaidh ort má ghéilleann tú do ghlór an Tiarna do Dhia.

3. “Beidh beannacht ort sa chathair, agus beannacht ort faoin tuath.

4. Beidh beannacht ar thoradh do choirp, ar thoradh d'ithreach, ar thoradh do airnéise, agus ar an mbreis ar do bhólacht agus ar an mbreis ar do thréad.

5. Beidh beannacht ar do chliabh aráin agus ar do losaid.

6. Beidh beannacht ort ag gabháil isteach duit agus beannacht ort ag dul amach duit.

7. Brisfidh an Tiarna i do láthair ar na naimhde a éiríonn i d'aghaidh; tiocfaidh siad ar feadh an aon bhóthair i d'aghaidh; ach gabhfaidh siad seacht mbóthar ar teitheadh uait.

8. Fógróidh an Tiarna beannacht anuas ort i do sciobóil agus i ngach ní a ghabhfaidh tú idir lámha; cuirfidh sé beannacht ort sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit.

9. “Buanóidh an Tiarna thú i do phobal coisricthe dó féin, faoi mar a mhionnaigh sé duit, má choimeádann tú aitheanta an Tiarna do Dhia agus siúl ina bhealaí.

10. Feicfidh ciníocha uile an domhain go bhfuil ainm an Tiarna ort agus beidh eagla orthu romhat.

11. Cuirfidh an Tiarna conách mór ort, i dtoradh do choirp, sa bhreis ar do bhólacht, agus i dtoradh d'ithreach sa tír a mhionnaigh an Tiarna do d'aithreacha a thabharfadh sé duit.

12. Osclóidh an Tiarna a chiste breá, na speartha, duit, le fearthainn a thabhairt duit i dtráth do do thalamh, agus beannacht a chur ar shaothar uile do lámh. Cuirfidh tú mórán ciníocha faoi smacht, ach ní bheidh tú féin faoi smacht ag cine.

13. Ní eireaball a dhéanfaidh an Tiarna díot, ach ceann; ní in íochtar a bheidh tú choíche, ach in uachtar, má ghéilleann tú d'aitheanta an Tiarna do Dhia, a ordaím duit inniu, á gcoimeád le barr cúraim,

14. gan claonadh ar dheis ná ar chlé ó aon cheann de na hoibreacha a ordaím duit inniu trí aon déithe eile a leanúint agus fónamh dóibh.

15. “Ach mura ngéilleann tú do ghlór an Tiarna do Dhia, agus gan a reachtanna ná a aitheanta go léir a ordaím duit inniu a chomhlíonadh, tiocfaidh na mallachtaí uile seo leanas suas leat agus béarfaidh siad ort.

16. Beidh mallacht ort sa chathair agus mallacht ort faoin tuath.

17. Beidh mallacht ar do chliabh aráin agus ar do losaid.

Léigh chaibidil críochnaithe Deotranaimí 28