Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 27:5-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Déan altóir san áit sin don Tiarna do Dhia de chlocha nár luigh aon uirlis iarainn orthu.

6. Tóg an altóir don Tiarna do Dhia as clocha gan cóiriú, agus ofráil íobairtí uileloiscthe uirthi don Tiarna do Dhia.

7. Ofráil íobairtí comaoineach agus ith iad ansiúd agus bíodh lúcháir ort i láthair an Tiarna do Dhia.

8. Scríobh briathra uile an dlí seo ar na clocha go soiléir sofheicthe.”

9. Ansin dúirt Maois agus na sagairt Léivíteacha le hIosrael go léir: “Tabhair cluas, a Iosrael, agus éist. Inniu rinneadh pobal don Tiarna do Dhia díot.

10. Géill dá bhrí sin do ghlór an Tiarna do Dhia, agus coimeád a aitheanta agus a reachtanna a ordaím duit inniu.”

11. Agus thug Maois ordú don phobal an lá céanna á rá:

12. “Nuair a rachaidh sibh thar Iordáin anonn seasaidís seo ar Shliabh Girizím chun an pobal a bheannú: Símeon, Léiví, Iúdá, Íosácár, Iósaef, agus Biniáimin.

13. Agus seasaidís seo ar Shliabh Éabál don mhallacht: Reúbaen, Gád, Áiséar, Zabúlun, Dán, agus Naftáilí.

14. Labhraíodh na Léivítigh ansin agus fógraídís in ard a gcinn do na hIosraelaigh:

15. ‘Go raibh mallacht ar an bhfear a dhéanfaidh dealbh shnoite nó leáite - rud is gráin leis an Tiarna - obair lámha ceardaí, agus a chuirfidh suas i bhfolach í.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’

16. ‘Go raibh mallacht ar an té a thugann tarcaisne dá athair nó dá mháthair.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’

17. ‘Go raibh mallacht ar an té a chorraíonn marc teorann a chomharsan.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’

18. ‘Go raibh mallacht ar an té a chuireann an dall ar seachrán slí.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’

19. ‘Go raibh mallacht ar an té a dhéanann cantáil ar chearta an deoraí, an dílleachta, agus na baintrí.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’

20. ‘Go raibh mallacht ar an té a luíonn le bean a athar, agus a bhaineann beann bhrat a athar anuas di.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’

21. ‘Mallacht ar an té a luíonn le haon sórt ainmhí.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’

22. ‘Mallacht ar an té a luíonn lena dheirfiúr, iníon a athar nó iníon a mháthar.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’

23. ‘Mallacht ar an té a luíonn le máthair a chéile.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’

Léigh chaibidil críochnaithe Deotranaimí 27