Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 26:5-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Ansin, i bhfianaise an Tiarna do Dhia, déan an dearbhú seo leanas: ‘Deoraí Aramaeigh a ba ea m'athair. D'imigh sé leis ó dheas chun na hÉigipte ar bheagán slua, agus chuir faoi inti; ach rinne náisiún mór cumasach líonmhar ansiúd de.

6. Chráigh na hÉigiptigh sinn; chiapadar sinn agus chuireadar faoi dhaoirse dhian sinn.

7. Ach ghlaomar chun an Tiarna, Dia ár n‑aithreacha, agus chuala an Tiarna ár nglao agus chonaic ár n‑ainnise, ár saothar, agus an leatrom orainn;

8. agus thug an Tiarna as an Éigipt amach sinn lena láimh thréan agus lena ghéag ar tinneall, le huafás mór, le comharthaí, agus le hiontais.

9. Thug sé anseo isteach sinn, agus thug an tír seo dúinn, tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda.

10. Seo anois mé le céadtorthaí fómhar na hithreach a bhronn tusa, a Thiarna, orm.’ Leag i láthair an Tiarna ansin iad agus sléacht go talamh i láthair an Tiarna do Dhia.

11. Ansin bíodh fleá agat le gach ní fónta a thug an Tiarna, do Dhia, duit féin agus do do theaghlach, tú féin agus an Léivíteach agus an deoraí in bhur measc.

12. “Sa tríú bliain, bliain na ndeachúna, nuair a bheidh deireadh dheachú do thorthaí go léir íoctha agat agus go mbíonn sí tugtha agat don Léivíteach, don deoraí, don dílleachta, agus don bhaintreach, agus go mbíonn sí ite acu in bhur mbailte agus go mbíonn a sáith acu,

Léigh chaibidil críochnaithe Deotranaimí 26