15. Féach anuas ó neamh, áitreabh do ghlóire, agus cuir do bheannacht ar do phobal Iosrael, agus ar an ithir a thug tú dúinn faoi mar a mhionnaigh tú dár n‑aithreacha, tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda.’
16. “Ordaíonn an Tiarna do Dhia duit inniu na dlíthe agus na reachtanna seo a chomhlíonadh; ní foláir duit iad a choimeád le barr cáiréise le do chroí go hiomlán agus le d'anam go hiomlán.
17. Tá an dearbhú seo déanta agat inniu faoin Tiarna: gurb é do Dhia é, ach ar choinníoll go leanfaidh tú a bhealaí, go gcoimeádfaidh tú a dhlíthe, a aitheanta, agus a reachtanna, agus go n‑éistfidh tú lena ghlór.
18. Agus tá an dearbhú seo déanta fútsa inniu ag an Tiarna: go mbeidh tú aige mar phobal ar leith leis féin, faoi mar a gheall sé duit, ach ar choinníoll go gcoimeádfaidh tú a aitheanta go léir;
19. agus go gcuirfidh sé thú os cionn na náisiún uile a rinne sé chun molta agus clú agus onóra; agus go mbeidh tusa i do phobal coisricthe don Tiarna faoi mar a gheall sé.”