Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 26:11-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Ansin bíodh fleá agat le gach ní fónta a thug an Tiarna, do Dhia, duit féin agus do do theaghlach, tú féin agus an Léivíteach agus an deoraí in bhur measc.

12. “Sa tríú bliain, bliain na ndeachúna, nuair a bheidh deireadh dheachú do thorthaí go léir íoctha agat agus go mbíonn sí tugtha agat don Léivíteach, don deoraí, don dílleachta, agus don bhaintreach, agus go mbíonn sí ite acu in bhur mbailte agus go mbíonn a sáith acu,

13. ansin abairse i láthair an Tiarna do Dhia: ‘Tá an chuid choisricthe go léir curtha as mo theach agam. Sea, thug mé don Léivíteach, don deoraí, agus don dílleachta í, de réir na n‑aitheanta go léir a leag tú orm; níor sháraigh mé aon aithne de do chuid, ná ní dhearna mé dearmad díobh.

14. Níor chaith mé aon chuid den deachú agus mé ag caoineadh; níor thóg mé aon chuid di agus mé neamhghlan; níor ofráil mé aon chuid di do na mairbh. Ghéill mé do ghlór an Tiarna mo Dhia; rinne mé gach ní mar a d'ordaigh tú dom.

15. Féach anuas ó neamh, áitreabh do ghlóire, agus cuir do bheannacht ar do phobal Iosrael, agus ar an ithir a thug tú dúinn faoi mar a mhionnaigh tú dár n‑aithreacha, tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda.’

16. “Ordaíonn an Tiarna do Dhia duit inniu na dlíthe agus na reachtanna seo a chomhlíonadh; ní foláir duit iad a choimeád le barr cáiréise le do chroí go hiomlán agus le d'anam go hiomlán.

17. Tá an dearbhú seo déanta agat inniu faoin Tiarna: gurb é do Dhia é, ach ar choinníoll go leanfaidh tú a bhealaí, go gcoimeádfaidh tú a dhlíthe, a aitheanta, agus a reachtanna, agus go n‑éistfidh tú lena ghlór.

18. Agus tá an dearbhú seo déanta fútsa inniu ag an Tiarna: go mbeidh tú aige mar phobal ar leith leis féin, faoi mar a gheall sé duit, ach ar choinníoll go gcoimeádfaidh tú a aitheanta go léir;

19. agus go gcuirfidh sé thú os cionn na náisiún uile a rinne sé chun molta agus clú agus onóra; agus go mbeidh tusa i do phobal coisricthe don Tiarna faoi mar a gheall sé.”

Léigh chaibidil críochnaithe Deotranaimí 26