Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 26:1-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. “Nuair a thiocfaidh tú isteach sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit mar oidhreacht, nuair a bheidh seilbh agat air agus tú i do chónaí ann,

2. ní foláir duit na céadtorthaí d'fhómhar na hithreach a bhainfidh tú sa tír a thabharfaidh an Tiarna do Dhia duit a chur i leataobh; cuir i gcliabh iad agus téigh chun na háite a thoghfaidh an Tiarna do Dhia mar áitreabh dá ainm.

3. Ní foláir duit dul chun an tsagairt a bhíonn in oifig ag an am agus a rá leis: ‘Fógraím inniu don Tiarna mo Dhia gur tháinig mé chun na tíre a mhionnaigh an Tiarna dár n‑aithreacha a thabharfadh sé dúinn.’

4. Tógadh an sagart ansin an cliabh ó do láimh agus leagadh sé é os comhair altóir an Tiarna do Dhia.

5. Ansin, i bhfianaise an Tiarna do Dhia, déan an dearbhú seo leanas: ‘Deoraí Aramaeigh a ba ea m'athair. D'imigh sé leis ó dheas chun na hÉigipte ar bheagán slua, agus chuir faoi inti; ach rinne náisiún mór cumasach líonmhar ansiúd de.

6. Chráigh na hÉigiptigh sinn; chiapadar sinn agus chuireadar faoi dhaoirse dhian sinn.

7. Ach ghlaomar chun an Tiarna, Dia ár n‑aithreacha, agus chuala an Tiarna ár nglao agus chonaic ár n‑ainnise, ár saothar, agus an leatrom orainn;

8. agus thug an Tiarna as an Éigipt amach sinn lena láimh thréan agus lena ghéag ar tinneall, le huafás mór, le comharthaí, agus le hiontais.

Léigh chaibidil críochnaithe Deotranaimí 26