Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 25:8-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Ansin glaodh seanóirí a chathrach air, agus labhraidís leis; agus má chuireann sé ina gcoinne agus a rá: ‘Ní áil liom glacadh léi,’

9. ansin téadh bean a dhearthár chuige i láthair na seanóirí agus baineadh sí an cuarán dá chois, agus caitheadh sí seile san aghaidh air, agus abradh sí: ‘Sin í an íde a thugaimid ar an té nach gcothaíonn teach a dhearthár,’

10. agus tabharfar mar shloinne dó ‘Teach an té a Fágadh gan Chuarán’.

11. “Má bhíonn beirt fhear ag troid agus go gcuireann bean duine díobh a ladar sa troid d'fhonn a fear a fhuascailt ó bhuillí an duine eile agus go síneann sí amach a lámh agus breith laistíos ar an duine eile,

12. teasc an lámh di gan trua gan taise a thaispeáint.

13. Ná bíodh dhá mheá dhifriúla i do mhála - ceann trom agus ceann éadrom.

14. Ná bíodh dhá thomhas difirúla i do theach, ceann beag agus ceann mór.

15. Ná bíodh agat ach aon mheá amháin, í iomlán cóir, agus aon tomhas amháin, é iomlán cóir, i dtreo go mbeadh saol fada agat sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit.

16. Óir aon duine a dhéanann nithe den sórt sin, agus a dhéanann éagóir, is fuath leis an Tiarna do Dhia é.

17. Cuimhnigh céard a rinne Amáiléic leat agus tú ar an mbealach amach as an Éigipt.

18. Bhuail sé leat ar an mbealach agus tar éis duit gabháil thar bráid, d'ionsaigh sé sibh i leith an chúil agus rinne eirleach ar an muintir go léir a bhí ar deireadh: nuair a bhí tú lag tnáite ní raibh eagla Dé air.

19. Nuair a bhronnfaidh an Tiarna do Dhia síocháin duit ó do naimhde go léir máguaird ort sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit i do sheilbh mar oidhreacht scrios cuimhne Amáiléic ó faoi neamh; ná déan dearmad de.

Léigh chaibidil críochnaithe Deotranaimí 25