9. Cuimhnigh ar a ndearna an Tiarna le Miriám agus sibh ar an mbealach ón Éigipt amach.
10. “Má bhíonn iasacht d'aon sórt á thabhairt agat do do chomharsa ná téigh isteach ina theach agus a gheall a ghabháil.
11. Fan lasmuigh agus tugadh an té dá bhfuil an iasacht á tabhairt agat an geall amach chugat.
12. Más bochtán é ná codail ina gheall.
13. Nuair a théann an ghrian faoi, tabhair an geall ar ais dó i dtreo gur féidir dó codladh ina bhrat agus beannacht a chur ort; beidh sin ina ghníomh fónta agat i láthair an Tiarna do Dhia.
14. “Ná tar i dtír ar fhostúch bocht dealbh, más bráthair duit é, más deoraí i do dhúiche é atá ag cur faoi i do bhailte.
15. Tabhair a thuarastal dó an lá a thuillfidh sé é, sula dtéann an ghrian faoi (mar tá sé bocht agus tá dúil aige ann) le heagla go n‑éifeadh sé chun an Tiarna i d'aghaidh, agus gur pheaca duit sin.
16. Ná cuirtear aithreacha chun báis thar ceann a mac, ná mic thar ceann a n‑aithreacha. Cuirtear gach duine chun báis ar son a choire féin.
17. “Ná déan breith a chlaonadh i gcás deoraí ná dílleachta, agus ná tóg brat baintrí i ngeall.
18. Cuimhnigh go raibh tú féin i do dhaor san Éigipt agus go ndearna an Tiarna do Dhia thú a fhuascailt as an áit sin; uime sin a thugaim an aithne seo duit le comhlíonadh.
19. “Nuair a bhíonn an fómhar á bhaint agat sa ghort agus go ndéanann tú dearmad ar phunann sa ghort, na téigh siar ag triall uirthi. Fág ansiúd í don deoraí, don dílleachta agus don bhaintreach i dtreo go ndéanfadh an Tiarna do Dhia a bheannacht a chur ort i do chúraimí go léir.
20. Nuair a bhuaileann tú do chrann ológ, ná téigh siar arís ar na géaga. Bíodh an chuid eile don deoraí, don dílleachta agus don bhaintreach.
21. Nuair a chruinníonn tú fómhar d'fhíonghoirt, ná pioc a thuilleadh é. Bíodh an chuid eile don deoraí, don dílleachta agus don bhaintreach.
22. Cuimhnigh go raibh tú i do dhaor i dtír na hÉigipte; sin é an fáth go dtugaim an aithne seo duit le comhlíonadh.