Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 23:4-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Óir níor tháinig siad in bhur gcoinne le harán agus le huisce agus sibh ar an tslí amach as an Éigipt, agus d'fhostaigh siad Balám mac Bheór ó Phatór in Arám an Dá Abhainn chun mallacht a chur ort.

5. Ach ní éisteodh an Tiarna do Dhia le Balám agus rinne an Tiarna do Dhia beannacht den mhallacht duit, mar go raibh grá ag an Tiarna do Dhia duit.

6. Go brách fad a mhairfidh tú ná bí sa tóir ar a síocháin ná ar a gconách.

7. Ná bíodh fuath agat don Eadómach óir is bráthair duit é, ná don Éigipteach mar gur dheoraí thú ina thír.

8. Bíodh cead isteach i dTionól an Tiarna ag an tríú glúin dá sliochtsan.

9. “Nuair a bhíonn tú i gcogadh le do naimhde, agus go mbíonn tú i gcampa, seachain an uile olc.

10. Má bhíonn aon fhear in bhur measc nach bhfuil glan de bharr ar tharla dó san oíche, téadh sé ón gcampa amach agus ná filleadh sé ar ais ar an gcampa.

11. Nuair a thagann an tráthnóna níodh sé é féin le huisce, agus bíodh cead aige filleadh ar an gcampa ar dhul faoi don ghrian.

12. Bíodh camraí agat lasmuigh den champa, agus gabh amach chucu.

13. Bíodh sluasaid agat ar do chuid airm, agus nuair a théann tú amach ag déanamh do ghnó, déan poll leis an tsluasaid seo, agus cas timpeall agus clúdaigh do chac.

14. Óir siúlann an Tiarna do Dhia timpeall istigh i do champa do do chosaint agus ag tabhairt do naimhde ar láimh duit. Ní foláir do champa a bheith ina áit naofa dá bhrí sin; ná feiceadh an Tiarna aon rud míchuí in bhur measc dá bhrí sin le heagla go dtabharfadh sé droim láimhe leat.

15. “Ná tabhair suas dá mháistir daor a d'éalaigh uaidh agus a tháinig chugat.

16. Cónaíodh sé farat, in bhur measc, cibé áit is mian leis ina rogha cathair leat; ná cuir isteach air.

17. Ná bíodh striapach chultais mná ar iníonacha Iosrael, ná striapach chultais fir ar mhic Iosrael.

18. Ná tabhair tuarastal striapaí ná pá madra go teach an Tiarna do Dhia mar fhuascailt ar aon sórt móide; is fuath leis an Tiarna do Dhia iad araon.

Léigh chaibidil críochnaithe Deotranaimí 23