Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 23:17-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Ná bíodh striapach chultais mná ar iníonacha Iosrael, ná striapach chultais fir ar mhic Iosrael.

18. Ná tabhair tuarastal striapaí ná pá madra go teach an Tiarna do Dhia mar fhuascailt ar aon sórt móide; is fuath leis an Tiarna do Dhia iad araon.

19. Ná tabhair iasacht ar ús do do dheartháir, cibé acu iasacht airgid é nó bia nó aon ní eile a thuillfeadh breis.

20. Ní miste duit ús a éileamh ar iasacht do choimhthíoch, ach ná héiligh ús ar iasacht do do dheartháir, i dtreo go gcuirfidh an Tiarna do Dhia a bheannacht ort i ngach a ndáileann do lámh sa tír atá tú le dul isteach ann agus a shealbhú.

21. Má thugann tú móid don Tiarna do Dhia ná bí mall á comhlíonadh, óir éileoidh an Tiarna do Dhia ort í go cinnte, agus ba pheaca í a dhiúltú.

22. Ach níor pheaca duit gan móid a thabhairt.

23. Cloígh le cibé rud a théann thar do bheola, agus ní foláir duit an mhóid a thug tú de do dheoin féin le briathar do bhéil féin don Tiarna do Dhia a chomhlíonadh.

24. Nuair a théann tú isteach i bhfíonghort do chomharsan, ní cás duit do sháith caor a chaitheamh, oiread díobh agus is mian leat, ach níl cead agat aon chaora a chur í do chliabh.

25. Má théann tú trí arbhar do chomharsan atá ina sheasamh, ní cás duit diasa a stoitheadh le do láimh ach níl cead agat do chorrán buana a chur in arbhar do chomharsan agus é ina sheasamh.

Léigh chaibidil críochnaithe Deotranaimí 23