Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 22:5-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Ná cuireadh bean feisteas fir uirthi féin, agus ná cuireadh fear feisteas mná air féin; is gráin leis an Tiarna do Dhia an mhuintir a dhéanann na nithe sin.

6. Má tharlaíonn tú i do shiúlta ar nead éin i gcrann nó sa talamh agus gearrcaigh nó uibheacha ann, agus an mháthair ina luí ar na huibheacha nó ar na gearrcaigh, ná tóg an mháthair leis na gearrcaigh;

7. ach scaoil leis an máthair. Ní miste duit na gearrcaigh a bhreith leat. Ar an gcaoi sin beidh an rath ort agus fad saoil agat.

8. Nuair a thógann tú teach nua, cuir uchtbharr ar an díon agus ansin beidh do theach saor ó fhíoch fola de bharr duine a thitim de.

9. Ná cuir an dara sórt síl i do fhíonghort le nach ndéanfaí coisreacan ar a thoradh go léir - ar an mbarr eile a chuir tú agus ar thoradh do fhíonghoirt.

10. Ná cuir damh agus asal faoin aon chuing threafa.

11. Ná caith éadach leathach, éadach fite d'olann agus de líon.

12. An fhallaing a chuireann tú umat, déan scothóga ar a ceithre cúinní.

13. “Má phósann duine bean agus luí léi, agus ansin gur beag air í,

14. agus go gcuireann sé mí-iompar ina leith agus í a náiriú go poiblí, á rá: ‘Phós mé an bhean seo agus nuair a luigh mé léi ní bhfuair mé comharthaí a maighdeanais.’

15. Ansin tugadh athair agus máthair na mná óige comharthaí a maighdeanais leo go seanóirí na cathrach ag an ngeata.

16. Abradh athair na mná óige leis na seanóirí: ‘Thug mé m'iníon don fhear seo le pósadh agus is beag air í.

17. Tá mí-iompar á chur ina leith aige anois á rá: “Ní bhfuair mé comharthaí a maighdeanais ar d'iníon.” Ach seo iad comharthaí maighdeanais m'iníne.’ Agus leathfaidh siad an t‑éadach os comhair sheanóirí na cathrach.

18. Ansin beireadh seanóirí na cathrach sin greim ar an bhfear úd, gabhaidís de lasca ann,

19. agus gearraidís fíneáil céad seicil airgid air agus tugaidís iad d'athair na mná óige óir tá drochcháil tugtha aige ar mhaighdean in Iosrael, agus fanadh sí mar bhean aige agus ní bheidh cead aige í a chur uaidh lena shaol.

Léigh chaibidil críochnaithe Deotranaimí 22