Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 22:12-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. An fhallaing a chuireann tú umat, déan scothóga ar a ceithre cúinní.

13. “Má phósann duine bean agus luí léi, agus ansin gur beag air í,

14. agus go gcuireann sé mí-iompar ina leith agus í a náiriú go poiblí, á rá: ‘Phós mé an bhean seo agus nuair a luigh mé léi ní bhfuair mé comharthaí a maighdeanais.’

15. Ansin tugadh athair agus máthair na mná óige comharthaí a maighdeanais leo go seanóirí na cathrach ag an ngeata.

16. Abradh athair na mná óige leis na seanóirí: ‘Thug mé m'iníon don fhear seo le pósadh agus is beag air í.

17. Tá mí-iompar á chur ina leith aige anois á rá: “Ní bhfuair mé comharthaí a maighdeanais ar d'iníon.” Ach seo iad comharthaí maighdeanais m'iníne.’ Agus leathfaidh siad an t‑éadach os comhair sheanóirí na cathrach.

18. Ansin beireadh seanóirí na cathrach sin greim ar an bhfear úd, gabhaidís de lasca ann,

19. agus gearraidís fíneáil céad seicil airgid air agus tugaidís iad d'athair na mná óige óir tá drochcháil tugtha aige ar mhaighdean in Iosrael, agus fanadh sí mar bhean aige agus ní bheidh cead aige í a chur uaidh lena shaol.

20. Ach más fíor é agus má dheimhnítear nach bhfuarthas comharthaí maighdeanais na mná óige,

21. ansin tugaidís an bhean óg go doras theach a hathar, agus déanadh a comhchathróirí í a chur chun báis de chlocha mar go ndearna sí baois in Iosrael lena striapachas agus í faoi dhíon theach a hathar. Ní foláir daoibh an t‑olc seo a dhíbirt ó bhur measc ar an tslí sin.

22. “Má fhaightear fear ag luí le bean duine eile, cuirtear iad araon chun báis - an fear a luigh leis an mbean, agus an bhean féin. Ní foláir duit an t‑olc seo a dhíbirt ó Iosrael an tslí sin.

23. “Má bhíonn maighdean geallta agus go mbuaileann fear léi sa chathair, agus go gcodlaíonn léi,

24. beirigí iad araon libh amach go geata na cathrach sin agus cuirigí chun báis de chlocha iad - an bhean óg mar nár liúigh sí ag lorg cabhrach agus í sa chathair, agus an fear mar gur thruailligh sé bean a chomharsan. Ní foláir duit an t‑olc seo a dhíbirt ó bhur measc ar an tslí sin.

25. Ach más faoin tuath a bhuaileann fear le bean óg atá geallta agus go ndéanann sé éigean uirthi agus luí léi, ansin ná cuirtear chun báis ach an fear a luigh léi.

Léigh chaibidil críochnaithe Deotranaimí 22