Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 22:1-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. “Má fheiceann tú damh nó caora le do dheartháir ag dul ar seachrán, ná bí seachantach ina dtaobh; ní foláir duit iad a bhreith leat ar ais chun do dhearthár.

2. Mura bhfuil sé láimh leat, nó murab aithnid duit é, tabhair leat abhaile é, agus coinnigh é nó go dtagann do dheartháir á lorg; tabhair dó ansin é.

3. Déan mar an gcéanna lena asal, agus lena bhrat, agus le haon ní a chailleann do dheartháir agus go bhfaigheann tú é: ná bíodh aon seachaint sa ghnó seo.

4. Ná bí á seachaint má fheiceann tú damh nó asal do dhearthár ag titim ar an mbóthar, ach cabhraigh leis á gcur ina seasamh arís.

5. Ná cuireadh bean feisteas fir uirthi féin, agus ná cuireadh fear feisteas mná air féin; is gráin leis an Tiarna do Dhia an mhuintir a dhéanann na nithe sin.

6. Má tharlaíonn tú i do shiúlta ar nead éin i gcrann nó sa talamh agus gearrcaigh nó uibheacha ann, agus an mháthair ina luí ar na huibheacha nó ar na gearrcaigh, ná tóg an mháthair leis na gearrcaigh;

7. ach scaoil leis an máthair. Ní miste duit na gearrcaigh a bhreith leat. Ar an gcaoi sin beidh an rath ort agus fad saoil agat.

8. Nuair a thógann tú teach nua, cuir uchtbharr ar an díon agus ansin beidh do theach saor ó fhíoch fola de bharr duine a thitim de.

9. Ná cuir an dara sórt síl i do fhíonghort le nach ndéanfaí coisreacan ar a thoradh go léir - ar an mbarr eile a chuir tú agus ar thoradh do fhíonghoirt.

10. Ná cuir damh agus asal faoin aon chuing threafa.

11. Ná caith éadach leathach, éadach fite d'olann agus de líon.

12. An fhallaing a chuireann tú umat, déan scothóga ar a ceithre cúinní.

13. “Má phósann duine bean agus luí léi, agus ansin gur beag air í,

14. agus go gcuireann sé mí-iompar ina leith agus í a náiriú go poiblí, á rá: ‘Phós mé an bhean seo agus nuair a luigh mé léi ní bhfuair mé comharthaí a maighdeanais.’

15. Ansin tugadh athair agus máthair na mná óige comharthaí a maighdeanais leo go seanóirí na cathrach ag an ngeata.

Léigh chaibidil críochnaithe Deotranaimí 22