Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 20:15-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Sin í an íde a thabharfaidh tú ar na cathracha atá i bhfad uait, agus nach mbaineann leis na ciníocha is comharsana duit.

16. Maidir le cathracha na gciníocha úd atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit mar oidhreacht, ná déan anacal anama ar aon ní beo,

17. ach cuir faoi bhang iad na Hitigh, na hAmóraigh, na Canánaigh, na Pirizigh, na Hivigh, agus na Iabúsaigh, mar a d'ordaigh an Tiarna do Dhia,

18. d'fhonn nach múinfidís daoibh na nósanna gráiniúla atá acu á gcleachtadh i seirbhís a ndéithe a leanúint agus peaca a dhéanamh mar sin in aghaidh an Tiarna bhur nDia.

19. “Nuair a bhíonn cathair faoi léigear agat ar feadh i bhfad, agus tú á hionsaí, d'fhonn í a ghabháil, ná loit a cuid crann ag imirt faobhar tua orthu; caith a dtoradh, ach ná leag iad. An daoine daonna na crainn sa mhachaire a rá is go gcuirfeá léigear orthusan leis?

20. Na crainn is eol duit nach crainn toraidh iad, ní cás duit iad a ghearradh agus a leagan d'fhonn sásanna léigir a dhéanamh in aghaidh na cathrach a bhíonn i gcogadh leat go dtí go dtiteann sí.

Léigh chaibidil críochnaithe Deotranaimí 20