Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 20:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. “Nuair a rachaidh tú chun cogaidh in aghaidh do naimhde agus go bhfeicfidh tú capaill agus carbaid agus arm is mó ná d'arm féin, ná bíodh eagla ort rompu; óir tá an Tiarna do Dhia i do theannta, an té a thug amach thú as tír na hÉigipte.

2. Nuair a thagann sibh i gcóngar an láthair chatha, tagadh an sagart os bhur gcomhair agus labhraíodh sé leis an bpobal,

3. agus abradh sé leo: ‘Tugaigí cluas dom a Iosrael! Óir tá sibh ar tí cath a chur ar bhur naimhde inniu; bíodh misneach agaibh; ná bíodh scéin ná sceimhle ná scanradh oraibh ag tabhairt fúthu.

4. Óir tá an Tiarna bhur nDia ag dul libh chun troda ar bhur son in aghaidh bhur naimhde, agus chun an bua a bhreith daoibh.’

5. “Ansin labhraíodh na scríobhaithe leis an bpobal mar leanas: ‘An bhfuil aon duine anseo a bhfuil teach nua tógtha aige ach gan é tíolactha fós? Abhaile leis ar eagla go bhfaigheadh sé bás sa chath agus gur fear eile a dhéanfadh é a thíolacadh.

6. An bhfuil aon duine anseo a bhfuil fíonghort plandáilte aige, ach gan sásamh bainte fós aige as a thoradh? Abhaile leis ar eagla go bhfaigheadh sé bás sa chath agus gur fear eile a bhainfeadh sásamh as a thoradh.

7. An bhfuil aon duine anseo geallta le bean ach gan í tugtha leis aige? Abhaile leis ar eagla go bhfaigheadh sé bás sa chath agus gur fear eile a bhéarfadh leis í.’

8. Leanadh na scríobhaithe orthu ag caint leis an bpobal agus abraidís: ‘An bhfuil easpa misnigh nó beaguchtach ar aon duine anseo? Abhaile leis agus ná cuireadh sé droch-mhisneach ar a chompánaigh chomh maith.’

9. Nuair a bhíonn deireadh ráite ag na scríobhaithe leis na daoine, ansin ceaptar ceannfoirt i gceannas ar an bpobal.

Léigh chaibidil críochnaithe Deotranaimí 20