Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 2:9-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Agus dúirt an Tiarna liom: ‘Ná déan ionsaí ar Mhóáb ná é a ghriogadh chun catha, óir ní thabharfaidh mé aon phioc dá thailte daoibh, óir thug mé Ár mar shealúchas do chlann Lót.’

10. (Mhair na hÉimím ansiúd tráth cine mór líonmhar, agus iad chomh hard leis na hAnácaím.

11. Dála na nAnácaím, tugtaí na Rafáím orthu chomh maith, ach is Éimím a thugadh na Móábaigh orthu.

12. Bhí cónaí ar na Hóraigh leis i Saeír tráth, ach chuir clann Éasau as seilbh iad; dhíothaigh siad as a slí iad, agus lonnaíodar ina n‑áit, faoi mar a rinne Iosrael ina dtír féin, an oidhreacht a thug an Tiarna dóibh.)

13. ‘Ar aghaidh libh! Agus thar sileán Zeirid.’“Ghabhamar, dá bhrí sin, thar sileán Zeirid.

14. Anois mhair ár seachrán ó d'fhágamar Cáidéis Bairnéa go dtí gur ghabhamar thar sileán Zeirid ocht mbliana tríochad i dtreo go raibh an ghlúin d'fheara cogaidh go léir caillte ón gcampa mar a mhionnaigh an Tiarna dóibh.

15. Luigh lámh an Tiarna orthu lena scrios ón gcampa go dtí gur cailleadh iad go léir.

16. Nuair a bhí gach uile fhear cogaidh sciobtha ag an mbás ó lár an phobail,

17. dúirt an Tiarna liom:

18. ‘Inniu féin rachaidh tú thar teorainn Mhóáb ag Ár,

19. agus déanamh ar theorainn chlann Amón. Ná déanaigí ionsaí orthu ná iad a ghriogadh; óir ní thabharfaidh mé aon phioc de thailte chlann Amón daoibh, mar thug mé é mar shealúchas do chlann Lót.’

20. (Tugtar leis tír na Rafáím air; mhair na Rafáím ann tráth, ach tugann na hAmónaigh Zamzuimím orthu;

21. cine mór líonmhar iad agus iad chomh hard leis na hAnácaím; ach dhíothaigh an Tiarna as a slí iad, agus chuir na hAmónaigh as seilbh iad agus lonnaíodar ina n‑áit,

22. faoi mar a rinne sé na Hóraigh a dhíothú as a slí roimh chlann Éasau a bhfuil cónaí orthu i Saeír, i dtreo gur chuireadar as seilbh iad agus gur chuireadar fúthu ina n‑áit agus go bhfuil siad ann go dtí an lá inniu.

23. Ba é an scéal céanna é leis na hÁivím a bhí ag cur fúthu i mbailte an tslí go léir go Gazá; tháinig na Caftoraím ó Chaftor, agus rinneadar iad a dhíothú agus cur fúthu ina n‑áit.)

Léigh chaibidil críochnaithe Deotranaimí 2