Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 2:4-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Agus tabhair an t‑ordú seo don phobal:Tá sibh ar tí gabháil trí chríocha bhur mbráithre gaoil, clann Éasau a bhfuil cónaí orthu i Saeír. Tá eagla orthu romhaibh, ach bígí aireach.

5. Ná déanaigí iad a ghriogadh. Óir ní thabharfaidh mé aon phioc dá dtailte daoibh, aon phioc fiú oiread agus leithead tráchta, mar thug mé Sliabh Shaeír do Éasau mar shealúchas.

6. Díolaigí iad le hairgead as cibé bia a íosfaidh sibh; agus díolaigí iad le hairgead as cibé uisce a ólfaidh sibh.

7. Chuir an Tiarna bhur nDia a bheannacht ort i mbun do ghnothaí go léir; choimeád sé a shúil oraibh agus sibh ag gabháil tríd an bhfásach fairsing seo; bhí an Tiarna do Dhia in do choimhdeacht an daichead bliain sin; ní raibh aon ní riamh de dhíth ort.’

8. “Ghabhamar thar ár mbráithre gaoil, clann Éasau, a bhfuil cónaí orthu i Saeír, feadh bhealach an Arabá agus ó Éalat agus Eizion Geibir. Ansin chasamar agus ar aghaidh linn i dtreo fhásach Mhóáb.

9. Agus dúirt an Tiarna liom: ‘Ná déan ionsaí ar Mhóáb ná é a ghriogadh chun catha, óir ní thabharfaidh mé aon phioc dá thailte daoibh, óir thug mé Ár mar shealúchas do chlann Lót.’

10. (Mhair na hÉimím ansiúd tráth cine mór líonmhar, agus iad chomh hard leis na hAnácaím.

11. Dála na nAnácaím, tugtaí na Rafáím orthu chomh maith, ach is Éimím a thugadh na Móábaigh orthu.

12. Bhí cónaí ar na Hóraigh leis i Saeír tráth, ach chuir clann Éasau as seilbh iad; dhíothaigh siad as a slí iad, agus lonnaíodar ina n‑áit, faoi mar a rinne Iosrael ina dtír féin, an oidhreacht a thug an Tiarna dóibh.)

13. ‘Ar aghaidh libh! Agus thar sileán Zeirid.’“Ghabhamar, dá bhrí sin, thar sileán Zeirid.

14. Anois mhair ár seachrán ó d'fhágamar Cáidéis Bairnéa go dtí gur ghabhamar thar sileán Zeirid ocht mbliana tríochad i dtreo go raibh an ghlúin d'fheara cogaidh go léir caillte ón gcampa mar a mhionnaigh an Tiarna dóibh.

15. Luigh lámh an Tiarna orthu lena scrios ón gcampa go dtí gur cailleadh iad go léir.

16. Nuair a bhí gach uile fhear cogaidh sciobtha ag an mbás ó lár an phobail,

17. dúirt an Tiarna liom:

18. ‘Inniu féin rachaidh tú thar teorainn Mhóáb ag Ár,

19. agus déanamh ar theorainn chlann Amón. Ná déanaigí ionsaí orthu ná iad a ghriogadh; óir ní thabharfaidh mé aon phioc de thailte chlann Amón daoibh, mar thug mé é mar shealúchas do chlann Lót.’

20. (Tugtar leis tír na Rafáím air; mhair na Rafáím ann tráth, ach tugann na hAmónaigh Zamzuimím orthu;

21. cine mór líonmhar iad agus iad chomh hard leis na hAnácaím; ach dhíothaigh an Tiarna as a slí iad, agus chuir na hAmónaigh as seilbh iad agus lonnaíodar ina n‑áit,

Léigh chaibidil críochnaithe Deotranaimí 2