Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 19:9-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. ar choinníoll go gcoimeádfaidh tú na haitheanta go léir a ordaím duit inniu le barr cáiréise, ag tabhairt grá don Tiarna do Dhia, agus ag leanúint de shíor ar a bhealaí - ansin cuir trí chathair eile leis na trí cinn sin.

10. Ar an gcaoi sin ní dhoirtfear fuil an neamhchiontaigh sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit mar oidhreacht; d'fhágfadh a mhalairt ciontach i ndoirteadh fola thú.

11. “Ach má bhíonn duine i bhfíoch lena chomharsa agus go dtéann in eadarnaí faoina chionn agus go n‑ionsaíonn é agus go ngoineann go marfach agus go bhfaigheann seisean bás, agus ansin go dteithfeadh sé féin i gceann de na bailte sin,

12. cuireadh seanóirí a chathrach féin fios ar an té sin agus beiridís leo é, agus tugaidís ar láimh fhear éiric na fola é le cur chun báis.

13. Ná bíodh trua ná taise agat dó; déan peaca doirteadh fola an neamhchiontaigh a dhíbirt as Iosrael agus ansin beidh an rath ort.

14. “Ná cur isteach ar mharc teorann do chomharsan a shocraigh an mhuintir fadó, san oidhreacht a ghlacfaidh tú sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt i do sheilbh.

15. “Ní leor aon fhinné amháin chun duine a dhaoradh i bpeaca nó i gcoir d'aon sórt a rinne sé; cibé coir a bhíonn i gceist is gá fianaise bheirt fhinné nó triúr chun aon chúis a dhearbhú.

16. Má thagann finné bréige i láthair le fianaise in aghaidh duine ag cur ceannairce ina leith,

17. ansin, an dá thaobh san aighneas seo i láthair an Tiarna, téidís faoi bhráid na sagart agus na mbreithiúna a bhíonn in oifig ag an am.

18. Déanadh na breithiúna fiosrú go mion, agus más amhlaidh gur finné bréige an finné agus gur thug sé fianaise bhréige in aghaidh a bhráthar,

19. ní foláir duit an íde a b'áil leis a thabhairt ar a bhráthair a thabhairt air féin. Díbir an choir seo ó bhur measc.

20. Cluinfidh daoine eile ina thaobh seo agus beidh eagla orthu agus ní dhéanfaidh siad peaca den sórt sin go brách arís in bhur measc.

Léigh chaibidil críochnaithe Deotranaimí 19