Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 19:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. “Nuair a dhíothóidh an Tiarna do Dhia na ciníocha a dtugann an Tiarna do Dhia a bhfearann duit, agus go gcuirfidh tú as seilbh iad, agus dul chun cónaí ina gcathracha agus ina dtithe,

2. cuir trí chathair ar leith duit féin sa tír a thugann an Tiarna do Dhia duit le sealbhú.

3. Bíodh na bealaí chucu i ndea-ghléas agat agus roinn ina thrí coda achar na gcríoch a thugann an Tiarna do Dhia i do sheilbh duit sa chaoi a bhféadfaidh marfóir ar bith teitheadh chucu.

4. Seo mar is féidir do dhuine a anam a bhreith leis ach teitheadh iontu: Má mharaíonn duine a chomharsa trí thaisme, agus gan é in earraid leis roimhe sin -

5. téann duine, abair, isteach sa choill lena chomharsa ag gearradh adhmaid; tugann sé faoi chrann leis an tua ina láimh; sleamhnaíonn an ceann den tsáfach agus buaileann sé a chomharsa agus maraíonn sé é - is féidir dó teitheadh go dtí ceann de na cathracha sin agus teacht slán.

6. Ní ceadmhach d'fhear an éiric fola dul sa tóir ar an marfóir le barr feirge, agus teacht suas leis toisc fad an bhóthair agus goin mharfach a chur ann; óir níor thuill an duine sin bás ós rud é nach raibh sé in earraid lena chomharsa roimhe sin.

7. Seo é m'ordú duit dá bhrí sin: Cuir trí chathair ar leithrigh,

8. agus má chuireann an Tiarna do Dhia breis le do chríocha, faoi mar a mhionnaigh sé do d'aithreacha, agus go dtugann sé duit an tír go léir a gheall sé a thabhairt do d'aithreacha -

9. ar choinníoll go gcoimeádfaidh tú na haitheanta go léir a ordaím duit inniu le barr cáiréise, ag tabhairt grá don Tiarna do Dhia, agus ag leanúint de shíor ar a bhealaí - ansin cuir trí chathair eile leis na trí cinn sin.

Léigh chaibidil críochnaithe Deotranaimí 19