Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 18:3-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. An méid seo leanas is dual do na sagairt ón muintir a ofrálann damh nó caora mar íobairt: an ghualainn, an dá phluc, agus an goile;

4. ní foláir duit mar an gcéanna céadtorthaí d'arbhair, do fhíona agus d'ola, agus céadlomra do chaorach a thabhairt dó.

5. Óir thogh an Tiarna do Dhia é as do threibheanna go léir le seasamh i láthair an Tiarna do Dhia, chun cúraimí na seirbhíse diaga a dhéanamh, chun ainm an Tiarna a bheannú - sea eisean agus a chlann mhac ina dhiaidh go brách.

6. “Má thagann Léivíteach as aon cheann de do bhailte in Iosrael go léir mar a bhfuil cónaí air - agus ní cás dó teacht nuair is maith leis - chun na háite a thoghfaidh an Tiarna,

7. ní miste dó freastal ansiúd in ainm an Tiarna a Dhia, dála a chomh-Léivíteach a bhíonn ina seasamh ansiúd ag freastal i láthair an Tiarna.

8. Bíodh cuid chothrom leo aige le hithe, seachas a bhfaigheann sé de bharr a oidhreachta a dhíol.

9. “Nuair a thiocfaidh tú isteach sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit, ná téigh i dtaithí chleachtaí uafara na gciníocha úd.

10. Ná faightear choíche in bhur measc aon duine a sheolann a mhac nó a iníon tríd an tine, ná aon duine a chleachtann fáistine, ná astralaí, ná ágar, ná draíodóir,

11. ná orthaíoch, ná fear spioraid nó púcaí nó mairbh a agallamh.

12. Cibé a dhéanann na nithe sin, is gráin leis an Tiarna é, agus is de bharr na nósanna gráiniúla seo atá an Tiarna do Dhia ag tiomáint na gciníocha seo amach romhat.

13. Bíse dílis ar fad don Tiarna do Dhia.

14. Óir na ciníocha seo a bhfuil tú ar tí seilbh a fháil ar a gcríocha, tugann siad aird ar asarlaígh agus lucht fáistineoireachta; ach maidir leatsa, níor cheadaigh an Tiarna do Dhia duitse a leithéid sin a dhéanamh.

15. Ardóidh an Tiarna do Dhia suas fáidh mar mise duit ó do lár, ó do bhráithre; tugaigí aird airsean.

Léigh chaibidil críochnaithe Deotranaimí 18