Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 18:13-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Bíse dílis ar fad don Tiarna do Dhia.

14. Óir na ciníocha seo a bhfuil tú ar tí seilbh a fháil ar a gcríocha, tugann siad aird ar asarlaígh agus lucht fáistineoireachta; ach maidir leatsa, níor cheadaigh an Tiarna do Dhia duitse a leithéid sin a dhéanamh.

15. Ardóidh an Tiarna do Dhia suas fáidh mar mise duit ó do lár, ó do bhráithre; tugaigí aird airsean.

16. Sin é a d'iarr tú féin ar an Tiarna do Dhia ag Horaeb, lá an Tionóil. ‘Ná lig dom guth an Tiarna mo Dhia a chlos arís,’ arsa tú, ‘ná an tine mhór seo a fheiceáil a thuilleadh, le heagla go bhfaighinn bás.’

17. Dúirt an Tiarna liom: ‘Is maith mar a dúradar a bhfuil ráite acu.

18. Ardóidh mé suas fáidh mar thusa dóibh, ó lár a mbráithre; cuirfidh mé mo bhriathra ina bhéal agus inseoidh sé dóibh gach a n‑ordaím dó.

19. An té nach dtabharfaidh aird ar na briathra a labhróidh sé i m'ainm, éileoidh mé díoltas air.

20. Ach an fáidh a leomhfaidh focal a labhairt i m'ainmse nár ordaigh mé dhó a labhairt, nó a labhróidh in ainm dé eile, gheobhaidh an fáidh sin bás.’

21. Agus má deir tú i do chroí: ‘Conas a aithneoimid an briathar nár labhair an Tiarna?’ -

22. nuair a labhraíonn fáidh in ainm an Tiarna, mura dtagann an rud i gcrích ná chun cinn, ansin ní briathar é a labhair an Tiarna; labhair an fáidh é sin le barr dánaíochta, ní gá duit eagla a bheith ort roimhe.

Léigh chaibidil críochnaithe Deotranaimí 18