Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 16:1-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. “Coimeád mí Áibíb agus coinnigh an Cháisc don Tiarna do Dhia; óir is i mí Áibíb a thug an Tiarna do Dhia thú amach as an Éigipt san oíche.

2. Déan cáisc a íobairt don Tiarna do Dhia as do tháin nó as do thréad san áit a thoghfaidh an Tiarna mar áitreabh dá ainm.

3. Ná hith aon arán gabháilte mar aon léi; ar feadh seacht lá ith slimarán léi, arán an chruatain, óir is le teann deabhaidh a tháinig tú amach as tír na hÉigipte; cuimhnigh dá bhrí sin, gach lá de do shaol, ar an lá a tháinig tú amach as tír na hÉigipte.

4. Ar feadh seacht lá dá bhrí sin ná bíodh aon ghabháile le feiceáil in aon teach ar fud do chríoch, agus aon fheoil a dhéanfaidh tú a íobairt tráthnona an chéad lae ná déantar í a choimeád thar oíche go maidin.

5. Ná hofráil íobairt na Cásca in aon bhaile dá dtugann an Tiarna do Dhia duit;

6. ach san áit a thoghfaidh an Tiarna do Dhia le bheith mar áitreabh ag a ainm is ea atá íobairt na Cásca le hofráil agat, um thráthnóna, le dul faoi na gréine, faoin am a tháinig tú amach as an Éigipt.

7. Déan í a bhruith agus a ithe san áit a thoghfaidh an Tiarna do Dhia; ar maidin fill ar ais agus téigh chun do bhothanna.

8. Ar feadh sé lá, ith arán slim agus ar an seachtú lá bíodh tionól clabhsúir don Tiarna do Dhia; ná déan aon sórt oibre an lá sin.

Léigh chaibidil críochnaithe Deotranaimí 16