4. Ná bíodh aon bhochtáin in bhur measc. Óir ní chuirfidh an Tiarna a bheannacht ort sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit mar oidhreacht,
5. ach ar an gcoinníoll seo amháin, go dtabharfaidh tú aird ar ghlór an Tiarna do Dhia agus go gcoimeádfaidh tú na haitheanta uile a aithním duit inniu le barr cáiréise.
6. Má bheannaíonn an Tiarna do Dhia thú mar a gheall sé, tabharfaidh tú iasacht dá lán ciníocha, ach iasacht ní thógfaidh tú féin; beidh tú i gceannas ar a lán ciníocha, ach cine ní bheidh i gceannas ort féin.
7. Má tá bochtán láimh leat, duine de do bhráithre in aon bhaile de do chuid sa tír atá an Tiarna á thabhairt duit, ná cruaigh do chroí agus ná dún do dhorn in aghaidh an bhochtáin bhráthar sin agat.
8. Bí fial flaithiúil leis, agus tabhair riar a cháis ar iasacht dó.
9. Seachain agus ná scaoil an smaoineamh suarach seo isteach i do chroí, ‘Tá an seachtú bliain, bliain na fuascailte láimh linn,’ agus féachaint le doicheall ar do bhochtán bráthar agus gan aon ní a thabhairt dó, agus go nglaofadh sé ar an Tiarna i d'aghaidh, agus gur pheaca duit é.
10. Tabhair rud dó, agus nuair a dhéanann tú tabhair dó le barr croí mhóir, agus cuirfidh an Tiarna a bheannacht ort dá chionn sin i ngach gnó agus i ngach cúram a ghabhann tú idir lámha.
11. Ní bheidh, ar ndóigh, an tír choíche gan bhochtán; uime sin ordaím duit: Bí fial flaithiúil i gcónaí le do bhráthair, agus le haon duine i do thír atá ar an gcaolchuid nó dealbh.
12. “Má dhíoltar do chomhEabhrach leat, fear nó bean, déanadh sé seirbhís duit ar feadh sé bliana; an seachtú bliain, scaoil uait saor é.
13. Agus tú á scaoileadh saor ná lig uait beo bocht é.
14. Tabhair maoin dó ó do thréad, ó d'urlár buailte agus ó do chantaoir fíona; faoi mar a chuir an Tiarna do Dhia a bheannacht ortsa, déan-sa déirc air.