Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 15:13-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Agus tú á scaoileadh saor ná lig uait beo bocht é.

14. Tabhair maoin dó ó do thréad, ó d'urlár buailte agus ó do chantaoir fíona; faoi mar a chuir an Tiarna do Dhia a bheannacht ortsa, déan-sa déirc air.

15. Cuimhnigh air go raibh tú féin i do dhaor i dtír na hÉigipte agus gur fhuascail an Tiarna do Dhia thú; uime sin a ordaím é seo duit inniu.

16. Ach má deir sé: ‘Níl aon fhonn orm imeacht uait’ toisc go bhfuil cion aige ort féin agus ar do theaghlach agus go bhfuil saol sona aige farat,

17. faighse meana agus cuir trína chluais é agus isteach sa chomhla, agus bíodh sé mar dhaor agat go brách. Déan mar an gcéanna le haon daoirseach leat.

18. Ná meas go bhfuil sé dian ort go gcaitheann tú é a scaoileadh saor; is fiú a dhá oiread le fostúch é agus tá seirbhís sé bliana déanta aige duit. Déanfaidh an Tiarna do Dhia a bheannacht a chur ort ansin i saothar uile do lámh.

19. “Gach céadghin fhireann de do tháin agus do do thréad, déan é a choisreacan don Tiarna do Dhia; ná leag aon obair ar chéadghin do thána, agus ná bearr céadghin do thréada.

20. Ní foláir duit é a ithe, tú féin agus líon do thí, gach bliain i láthair an Tiarna do Dhia san áit a thoghfaidh an Tiarna.

21. Má bhíonn aon mháchail air, má bhíonn sé bacach nó dall nó má bhíonn máchail mhór eile air, ná híobair é don Tiarna do Dhia.

22. Ith sa bhaile é; ní cás do neamhghlan agus do ghlan é a ithe, dála ghasaile nó fia;

23. ach ná caith an fhuil ach í a dhoirteadh ar an talamh amhail uisce.

Léigh chaibidil críochnaithe Deotranaimí 15