Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 15:1-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. “Ag deireadh gach seachtú bliain déan fuascailt.

2. Seo é an sórt fuascailte atá le déanamh: gach creidiúnaí a mbíonn comharsa leis faoi bhannaí aige, scaoileadh sé saor é; ní féidir dó íocaíocht a éileamh ar a chomharsa ná ar a bhráthair nuair a ghoirtear ar fhuascailt an Tiarna.

3. Ní cás duit íocaíocht a éileamh ar an eachtrannach, ach maith cibé éileamh atá agat ar do bhráthair.

4. Ná bíodh aon bhochtáin in bhur measc. Óir ní chuirfidh an Tiarna a bheannacht ort sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit mar oidhreacht,

5. ach ar an gcoinníoll seo amháin, go dtabharfaidh tú aird ar ghlór an Tiarna do Dhia agus go gcoimeádfaidh tú na haitheanta uile a aithním duit inniu le barr cáiréise.

6. Má bheannaíonn an Tiarna do Dhia thú mar a gheall sé, tabharfaidh tú iasacht dá lán ciníocha, ach iasacht ní thógfaidh tú féin; beidh tú i gceannas ar a lán ciníocha, ach cine ní bheidh i gceannas ort féin.

7. Má tá bochtán láimh leat, duine de do bhráithre in aon bhaile de do chuid sa tír atá an Tiarna á thabhairt duit, ná cruaigh do chroí agus ná dún do dhorn in aghaidh an bhochtáin bhráthar sin agat.

8. Bí fial flaithiúil leis, agus tabhair riar a cháis ar iasacht dó.

9. Seachain agus ná scaoil an smaoineamh suarach seo isteach i do chroí, ‘Tá an seachtú bliain, bliain na fuascailte láimh linn,’ agus féachaint le doicheall ar do bhochtán bráthar agus gan aon ní a thabhairt dó, agus go nglaofadh sé ar an Tiarna i d'aghaidh, agus gur pheaca duit é.

10. Tabhair rud dó, agus nuair a dhéanann tú tabhair dó le barr croí mhóir, agus cuirfidh an Tiarna a bheannacht ort dá chionn sin i ngach gnó agus i ngach cúram a ghabhann tú idir lámha.

11. Ní bheidh, ar ndóigh, an tír choíche gan bhochtán; uime sin ordaím duit: Bí fial flaithiúil i gcónaí le do bhráthair, agus le haon duine i do thír atá ar an gcaolchuid nó dealbh.

12. “Má dhíoltar do chomhEabhrach leat, fear nó bean, déanadh sé seirbhís duit ar feadh sé bliana; an seachtú bliain, scaoil uait saor é.

13. Agus tú á scaoileadh saor ná lig uait beo bocht é.

Léigh chaibidil críochnaithe Deotranaimí 15