Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 14:2-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Óir is pobal coisricthe don Tiarna do Dhia thú agus thogh an Tiarna thú le bheith i do phobal aige féin thar a bhfuil de phobail ar chlár na cruinne.

3. “Ná hith aon ní gráiniúil.

4. Seo iad na hainmhithe is ceadmhach daoibh a ithe: an damh, an chaora, agus an gabhar;

5. an fia, an ghasail, an fia fionn, an t‑ibeach, an t‑antalóp, an damh allta agus an chaora faille.

6. Is ceadmhach daoibh aon ainmhí a scoilteann an chrúb go ladhrach agus a chognaíonn an chíor a ithe.

7. Díobh siúd áfach a chognaíonn an chíor nó a scoilteann an chrúb go ladhrach, ní ceadmhach daoibh iad seo leanas a ithe: an camall, an míol maí, agus an coinín, mar, fág go gcognaíonn siad an chíor, ní scoilteann siad an chrúb; bídís neamhghlan agaibh.

8. Mar an gcéanna leis an muc - fág go scoilteann sí an chrúb, ní chognaíonn sí an chíor; bíodh sí neamhghlan agaibh. Ná hithigí feoil a leithéidí sin agus ná bainigí lena gconablach.

9. Dá bhfuil beo san fharraige is ceadmhach daoibh iad seo a ithe: gach a bhfuil eití agus gainní acu, ithigí iad;

10. ach aon ní gan eití gan ghainní ní ceadmhach daoibh iad a ithe: bídís neamhghlan agaibh.

11. “Is ceadmhach daoibh gach éan glan a ithe,

12. ach seo iad na héin nach ceadmhach daoibh a ithe: an t‑iolar, an bhadhbh, an coirneach,

13. an t‑alpaire, gach sórt clamháin,

14. gach sórt féich,

15. an ostrais, an t‑ulchabhán, an faoileán, gach sórt seabhaic,

16. an ceann cait, an t‑ulchabhán mór, an chearc uisce,

Léigh chaibidil críochnaithe Deotranaimí 14