Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 14:17-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. an peileacán, an t‑iolar bán, an fiach farraige,

18. an chorr agus gach sórt corr éisc, an pilibín agus gach sórt sciatháin leathair.

19. Gach míoltóg eiteallach, bídís neamhghlan agaibh; ná hithigí iad.

20. Is ceadmhach daoibh gach eiteallach glan a ithe.

21. “Ná hithigí aon ainmhí a fuair bás uaidh féin. Tabhair é mar bhia don deoraí atá ag cur faoi i do bhailte, nó díol é le coimhthíoch: óir is pobal naofa thú don Tiarna do Dhia. Ná bruith meannán i mbainne a mháthar.

22. “Gach bliain ní foláir duit deachú de thoradh do shíl sa talamh a bhreith leat,

23. agus i láthair an Tiarna do Dhia, san áit a thoghfaidh sé mar áitreabh dá ainm, ith deachú d'arbhair, do fhíona, d'ola, agus céadtorthaí do thána agus do thréada d'fhonn go bhfoghlaimeofá conas eagla an Tiarna do Dhia a bheith ort de shíor.

24. Má bhíonn an t‑aistear rófhada duit, agus mura féidir duit - nuair a bheannaíonn an Tiarna do Dhia thú - do dheachú a bhreith ann mar go bhfuil an áit a thoghann an Tiarna do Dhia mar áitreabh dá ainm, rófhada ó bhaile,

25. ansin malartaigh an deachú ar airgead, agus beir greim docht i do láimh ar an airgead agus téigh chun na háite a thogh an Tiarna do Dhia;

26. caith an t‑airgead ar do rogha rud ansiúd - daimh, nó caoirigh, nó fíon nó deoch chrua, nó cibé ní is mian leat; ith ansiúd i láthair an Tiarna do Dhia, agus bíodh lúcháir ort féin agus ar do theaghlach.

27. Ná déan faillí ar an Léivíteach a bhfuil cónaí air i do bhailte, óir níl cuid ná oidhreacht aige leat.

28. “Ag deireadh gach tríú bliain, tóg deachúna uile d'fhómhair don bhliain sin agus cuir i dtaisce i do bhailte.

29. Ansin an Léivíteach (ós rud é go bhfuil sé gan chuid gan oidhreacht farat), agus an deoraí, agus an dílleachta, agus an bhaintreach a bhfuil cónaí orthu i do bhailte, tiocfaidh siad agus íosfaidh siad agus beidh a sáith acu. Beannóidh an Tiarna do Dhia thú dá chionn sin cibé gnó a bhíonn idir lámha agat.

Léigh chaibidil críochnaithe Deotranaimí 14