Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 14:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. “Sibhse clann an Tiarna bhur nDia. Ná déanaigí sibh féin a chiorrú ná bhur n‑éadan a lomadh ar aon slí ar son an mhairbh.

2. Óir is pobal coisricthe don Tiarna do Dhia thú agus thogh an Tiarna thú le bheith i do phobal aige féin thar a bhfuil de phobail ar chlár na cruinne.

3. “Ná hith aon ní gráiniúil.

4. Seo iad na hainmhithe is ceadmhach daoibh a ithe: an damh, an chaora, agus an gabhar;

5. an fia, an ghasail, an fia fionn, an t‑ibeach, an t‑antalóp, an damh allta agus an chaora faille.

6. Is ceadmhach daoibh aon ainmhí a scoilteann an chrúb go ladhrach agus a chognaíonn an chíor a ithe.

7. Díobh siúd áfach a chognaíonn an chíor nó a scoilteann an chrúb go ladhrach, ní ceadmhach daoibh iad seo leanas a ithe: an camall, an míol maí, agus an coinín, mar, fág go gcognaíonn siad an chíor, ní scoilteann siad an chrúb; bídís neamhghlan agaibh.

8. Mar an gcéanna leis an muc - fág go scoilteann sí an chrúb, ní chognaíonn sí an chíor; bíodh sí neamhghlan agaibh. Ná hithigí feoil a leithéidí sin agus ná bainigí lena gconablach.

9. Dá bhfuil beo san fharraige is ceadmhach daoibh iad seo a ithe: gach a bhfuil eití agus gainní acu, ithigí iad;

10. ach aon ní gan eití gan ghainní ní ceadmhach daoibh iad a ithe: bídís neamhghlan agaibh.

11. “Is ceadmhach daoibh gach éan glan a ithe,

Léigh chaibidil críochnaithe Deotranaimí 14