Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 13:1-6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. “Má éiríonn fáidh nó aislingeoir aislingí in bhur measc agus go dtairgeann sé comhartha nó iontas a dhéanamh duit,

2. agus go dtagann an comhartha nó an t‑iontas a luaigh sé leat i gcrích, agus go ndeir sé: ‘Téanam agus leanaimís déithe eile’ (nach eol duit) ‘agus déanaimís seirbhís dóibh,’

3. ná héist le briathra an fháidh sin ná le haislingeoir na n‑aislingí sin; do bhur bpromhadh atá an Tiarna bhur nDia féachaint an ngránn sibh an Tiarna bhur nDia ó bhur gcroí go hiomlán agus ó bhur n‑anam go hiomlán.

4. An Tiarna bhur nDia atá le leanúint agaibh, roimhe atá eagla le bheith oraibh, a aitheanta atá le coimeád agaibh, dá ghlor atá sibh le géilleadh; is dó atá sibh le seirbhís a dhéanamh agus is leis atá sibh le cloí.

5. Ach cuirtear an fáidh sin nó an t‑aislingeoir aislingí sin chun báis óir theagasc sé ceannairc in aghaidh an Tiarna bhur nDia, a thug sibh amach as tír na hÉigipte agus a d'fhuascail sibh as teach na daoirse; b'áil leis thú a chlaonadh ón mbealach a d'aithin an Tiarna do Dhia duit a shiúl. Díbir an urchóid sin ó do lár ar an tslí sin.

6. “Má dheanann do dheartháir, mac [d'athar nó] do mháthar, nó do mhac, nó d'iníon, nó do mhuirnín mná, nó do chara cléibh, thú a mhealladh faoi choim á rá: ‘Téanam agus déanaimís seirbhís do dhéithe eile’ (nárbh eol duit féin ná do d'aithreacha),

Léigh chaibidil críochnaithe Deotranaimí 13