Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 12:8-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. “Ná déanaigí mar a dhéanaimid anseo inniu, gach duine ag déanamh mar is áil leis féin.

9. Óir níor tháinig sibh fós chun an tsosa agus na hoidhreachta atá an Tiarna bhur nDia á thabhairt daoibh.

10. Tá sibh ar tí dul anonn thar an Iordáin agus cur fúibh sa tír atá an Tiarna bhur nDia le tabhairt daoibh mar oidhreacht; tabharfaidh sé suaimhneas daoibh ón bhur naimhde in bhur dtimpeall agus mairfidh sibh slán ó bhaol.

11. Ansin an áit a thoghfaidh an Tiarna bhur nDia dá ainm le lonnú ann, tugaigí chun na háite sin gach a n‑ordaím daoibh: bhur n‑ofrálacha uileloiscthe agus bhur n‑íobairtí; bhur ndeachúna agus tabhartais bhur lámh, na hofrálacha móide go léir a mhóidíonn sibh don Tiarna.

12. Déanaigí lúcháir i láthair an Tiarna bhur nDia, sibh féin, agus bhur gclann mhac agus iníonacha, bhur searbhóntaí fear agus ban, agus an Léivíteach a chónaíonn in bhur mbailte ó tá sé gan chuid gan oidhreacht in bhur measc.

13. Seachain agus ná hofráil d'íobairtí uileloiscthe i ngach áit naofa ar a luífidh do shúil;

14. ná hofráil d'íobairtí uileloiscthe agus ná comhlíon a n‑ordaím duit ach amháin san áit a thoghfaidh an Tiarna i gceann de do threibheanna.

15. Ní miste duit áfach mar is mian leat, feoil a mharú agus a ithe in aon bhaile leat de réir mar a dheonaíonn an Tiarna do Dhia a bheannacht duit; ní cás do ghlan agus do neamhghlan í a ithe, amhail is ba ghasail nó fia í.

16. Ach ná hithigí an fhuil; doirt ar an talamh mar uisce í.

Léigh chaibidil críochnaithe Deotranaimí 12