Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 12:4-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Ní mar sin ámh atá le déanamh agaibh leis an Tiarna bhur nDia;

5. ach an áit a thoghfaidh an Tiarna bhur nDia as bhur dtreibheanna go léir chun a ainm a chur ann agus le lonnú ann, sin é bhur sprioc, agus téigí ansiúd.

6. Ansiúd a thabharfaidh sibh bhur n‑ofrálacha loiscthe agus bhur n‑íobairtí, bhur ndeachúna agus tabhartais bhur lámh, bhur n‑ofrálacha móide agus bhur n‑ofrálacha deonacha, céadtorthaí bhur dtána agus bhur dtréada.

7. Ansiúd a íosfaidh sibh i láthair an Tiarna bhur nDia, agus a dhéanfaidh sibh lúcháir de bharr gach ar thoirbhir bhur lámha, sibh féin agus bhur muintir, faoi bheannacht an Tiarna do Dhia.

8. “Ná déanaigí mar a dhéanaimid anseo inniu, gach duine ag déanamh mar is áil leis féin.

9. Óir níor tháinig sibh fós chun an tsosa agus na hoidhreachta atá an Tiarna bhur nDia á thabhairt daoibh.

10. Tá sibh ar tí dul anonn thar an Iordáin agus cur fúibh sa tír atá an Tiarna bhur nDia le tabhairt daoibh mar oidhreacht; tabharfaidh sé suaimhneas daoibh ón bhur naimhde in bhur dtimpeall agus mairfidh sibh slán ó bhaol.

11. Ansin an áit a thoghfaidh an Tiarna bhur nDia dá ainm le lonnú ann, tugaigí chun na háite sin gach a n‑ordaím daoibh: bhur n‑ofrálacha uileloiscthe agus bhur n‑íobairtí; bhur ndeachúna agus tabhartais bhur lámh, na hofrálacha móide go léir a mhóidíonn sibh don Tiarna.

12. Déanaigí lúcháir i láthair an Tiarna bhur nDia, sibh féin, agus bhur gclann mhac agus iníonacha, bhur searbhóntaí fear agus ban, agus an Léivíteach a chónaíonn in bhur mbailte ó tá sé gan chuid gan oidhreacht in bhur measc.

13. Seachain agus ná hofráil d'íobairtí uileloiscthe i ngach áit naofa ar a luífidh do shúil;

Léigh chaibidil críochnaithe Deotranaimí 12