Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 11:2-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Bíodh a fhios agat inniu féin, gur tusa, agus nach iad bhur gclann, a fuair an teagasc; ní eol dóibh ná ní fhaca siad ceachtanna an Tiarna bhur nDia, a mhórgacht, ná neart a láimhe, ná a ghéag ar tinneall;

3. na comharthaí agus na hiontais a rinne sé san Éigipt féin in aghaidh Fhorainn agus a chríoch go léir;

4. a ndearna sé le sluaite na hÉigipte, lena n‑eacha, agus lena gcarbaid; conas mar a scaoil sé tuilte Mhuir na nGiolcach anuas orthu nuair a bhí siad sa tóir oraibh, agus mar a scrios sé iad gan a rian a fhágáil go dtí an lá seo féin;

5. gach a ndearna sé daoibh san fhásach sular shroich sibh an áit seo;

6. a ndearna sé le Dátán agus le hAibíorám, clann Eilíáb an Reúbaenach - conas mar a d'oscail an talamh a chraos, ansiúd a gcroílár Iosrael go léir, agus a shlog sé iad féin agus a dteaghlaigh, a mbothanna agus gach ní beo a bhí ina seilbh.

7. Ach is sibhse, le bhur súile cinn, a chonaic na héachtaí mora go léir a rinne an Tiarna.

8. “Ní foláir daoibh, dá bhrí sin, na haitheanta go léir a d'ordaigh mé daoibh inniu a choimeád, d'fhonn go mbeadh sé ar bhur gcumas dul isteach agus seilbh a ghabháil ar an tír ar a bhfuil bhur dtriall anonn agus bhur gcuid féin a dhéanamh de,

9. agus saol fada a bheith agaibh sa tír a mhionnaigh an Tiarna do bhur n‑aithreacha a thabharfadh sé dóibhsean agus dá sliocht, tír ina mbeadh bainne agus mil ina slaoda.

10. An fearann a bhfuil tú le dul isteach ann lena shealbhú, ní ionann é agus tír na hÉigipte óna dtáinig sibh, mar ar chuir tú do shíol agus a rinne tú é a uisciú le do chois dála garraí luibheanna.

11. An tír a bhfuil bhur dtriall anonn ann, le seilbh a ghabháil air, is tír cnoc agus gleannta é, agus uisce ó neamh á uisciú.

12. Tugann an Tiarna do Dhia aire don tír seo; tá súile an Tiarna do Dhia air de shíor, ó cheann ceann na bliana.

13. Bígí cinnte de, má ghéilleann sibh go dílis do na haitheanta a ordaímse daoibh inniu agus go ngránn sibh an Tiarna, agus a sheirbhís a dhéanamh ó chroí go hiomlán, ó anam go hiomlán:

14. ‘Tabharfaidh mé fearthainn daoibh do bhur dtalamh go tráthúil, fearthainn luath agus fearthainn dhéanach, i dtreo go mbeidh fómhar arbhair, fíona, agus ola agat;

15. tabharfaidh mé féar ar do bhánta do do stoc, agus caithfidh tú bia agus beidh do sháith agat.’

16. Seachnaígí agus ná mealltar bhur gcroí agus na téadh sibh amú, ag seirbhís do dhéithe eile ná á n‑adhradh,

Léigh chaibidil críochnaithe Deotranaimí 11