Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 11:14-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. ‘Tabharfaidh mé fearthainn daoibh do bhur dtalamh go tráthúil, fearthainn luath agus fearthainn dhéanach, i dtreo go mbeidh fómhar arbhair, fíona, agus ola agat;

15. tabharfaidh mé féar ar do bhánta do do stoc, agus caithfidh tú bia agus beidh do sháith agat.’

16. Seachnaígí agus ná mealltar bhur gcroí agus na téadh sibh amú, ag seirbhís do dhéithe eile ná á n‑adhradh,

17. nó lasfaidh fearg an Tiarna in bhur n‑aghaidh, dúnfaidh sé na flaithis agus ní bheidh aon fhearthainn ann; ní thabharfaidh an talamh a thoradh agus díothófar sibh gan mhoill sa tír thorthúil atá á thabhairt ag an Tiarna daoibh.

18. “Taiscigí dá bhrí sin na focail seo liom in bhur gcroí agus in bhur n‑anam; greamaigí iad mar chomhartha ar bhur láimh, agus mar lann ar chlár bhur n‑éadain.

19. Déanaigí iad a theagasc do bhur gclann agus a aithris dóibh - i do shuí i do theach duit, nó ag siúl na slí, nó i do luí nó ag éirí duit.

20. Scríobh iad ar ursaineacha do thí agus ar do gheataí,

21. i dtreo go mbeadh fad saoil agaibh féin is ag bhur gclann sa tír a mhionnaigh sé do bhur n‑aithreacha a thabharfadh sé dóibh fad tá speir os cionn talún.

22. Óir má dhéanann sibh na haitheanta go léir a ordaímse daoibh inniu a choimeád le barr cúraim, agus grá a thabhairt don Tiarna bhur nDia, siúl ina bhealaí, agus cloí leis,

23. ansin díbreoidh an Tiarna na ciníocha seo go léir amach romhaibh, agus cuirfidh sibh ciníocha is mó agus is cumhachtaí ná sibh as seilbh.

24. Aon áit ar a leagfaidh sibh bonn bhur gcoise, beidh sé in bhur seilbh; sínfidh bhur gcríocha ón bhfásach agus ón Liobáin, ón abhainn, ó abhainn an Eofrataes go dtí an Mhuir Thiar.

25. Ní fhéadfaidh duine ar bith seasamh in bhur n‑aghaidh; scaipfidh an Tiarna, bhur nDia, scéin agus eagla romhaibh ar an dúiche go léir ar a leagfaidh sibh cos, faoi mar a gheall sé daoibh.

Léigh chaibidil críochnaithe Deotranaimí 11