10. “D'fhan mise ar an sliabh, dála na huaire eile, daichead lá agus daichead oíche. Agus d'éist an Tiarna arís le mo ghuí agus níorbh áil leis thú a mhilleadh.
11. Agus dúirt an Tiarna liom: ‘Éirigh! Téigh ar aghaidh ar cheann an phobail seo i dtreo go rachaidís isteach agus seilbh a ghabháil ar an tír a mhionnaigh mé dá n‑aithreacha a thabharfainn dóibh.’
12. “Anois, a Iosrael, cad a éilíonn an Tiarna do Dhia ort ach eagla an Tiarna do Dhia a bheith ort agus siúl ina bhealaí go léir, agus grá a thabhairt dó agus seirbhís a thabhairt don Tiarna do Dhia ó do chroí go hiomlán agus ó d'anam go hiomlán,
13. agus aitheanta agus dlíthe an Tiarna, a ordaím duit inniu ar mhaithe leat, a choimeád.
14. Is leis an Tiarna do Dhia na flaithis agus flaithis na bhflaitheas, an domhan agus gach a bhfuil ann.
15. Is iad d'aithreacha, áfach, a ghlac an Tiarna i gcochall a chroí le barr grá; agus ina ndiaidh, thogh sé a sliocht, sibhse féin thar na ciníocha go léir mar a dhéanann inniu féin.
16. Déanaigí dá bhrí sin bhur gcroí a thimpeallghearradh, agus na bígí ceanndána a thuilleadh.
17. Óir is é an Tiarna bhur nDia Dia na ndéithe, agus Tiarna na dtiarnaí, an Neach mór, caithréimeach, uafar, thar gach leathchuma agus thar gach breab.
18. Eisean a chuireann an chóir i bhfeidhm don dílleachta agus don bhaintreach; a thugann grá don deoraí agus a bhronnann air bia agus éadach.
19. Tugaigí grá don deoraí dá bhrí sin, mar ba dheoraithe sibh féin i dtír na hÉigipte.
20. Bíodh eagla an Tiarna do Dhia ort; déan seirbhís dó agus cloígh leis, agus is dar a ainm a thabharfaidh tú mionn.
21. Eisean amháin atá le moladh agat; eisean do Dhia; ar do shonsa a rinne sé na nithe móra uafásacha seo a chonaic tú le do shúile cinn.
22. Fág nach raibh ach deichniúr agus trí fichid díobh ann nuair a ghabh d'aithreacha ó dheas isteach san Éigipt, rinne an Tiarna do Dhia chomh líonmhar le réaltaí neimhe thú.