Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 10:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. “San am sin dúirt an Tiarna liom: ‘Snoigh dhá chlár chloiche mar na chéad chinn agus tar aníos ar an sliabh chugam. Déan áirc adhmaid.

2. Déanfaidh mé na briathra a bhí ar na chéad chláir a bhris tú a inscríobh ar na cláir agus cuirfidh tusa san áirc iad.’

3. Rinne mé dá bhrí sin áirc den chrann sitím agus shnoigh mé dhá chlár chloiche mar na chéad chinn, agus ghabh mé suas faoin sliabh agus an dá chlár i mo láimh.

4. Ansin d'inscríobh sé ar an dá chlár, faoi mar a rinne a inscríobh an chéad uair, na Deich nAitheanta a labhair an Tiarna libh ar an sliabh ó chroí na tine lá an Tionóil. Ansin thug an Tiarna dom iad.

5. D'fhill mé ansin agus anuas liom ón sliabh agus chuir mé na cláir san áirc a bhí déanta agam, agus is ansiúd dóibh fós faoi mar a d'ordaigh an Tiarna dom.

6. (Chuir clann Iosrael chun bealaigh ó thoibreacha Bheiné Iácán go Mósaerá mar a bhfuair Árón bás; adhlacadh ansiúd é agus ghabh a mhac Eileázár a áit mar shagart.

7. Chuadar as sin go Gudgodá agus ó Ghudgodá go Iotbátá, dúiche le srutháin uisce.

8. Ansin is ea a roghnaigh an Tiarna treibh Léiví chun áirc chonradh an Tiarna a iompar, chun seasamh i láthair an Tiarna, chun fónamh dó, agus chun a ainm a bheannú mar a dhéanann siad go dtí inniu féin.

9. Tá Léiví dá bhrí sin gan páirt na oidhreacht lena bhráithre; an Tiarna a oidhreacht, faoi mar a gheall an Tiarna do Dhia dó.)

10. “D'fhan mise ar an sliabh, dála na huaire eile, daichead lá agus daichead oíche. Agus d'éist an Tiarna arís le mo ghuí agus níorbh áil leis thú a mhilleadh.

11. Agus dúirt an Tiarna liom: ‘Éirigh! Téigh ar aghaidh ar cheann an phobail seo i dtreo go rachaidís isteach agus seilbh a ghabháil ar an tír a mhionnaigh mé dá n‑aithreacha a thabharfainn dóibh.’

Léigh chaibidil críochnaithe Deotranaimí 10