Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 1:27-45 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

27. Rinne sibh monabhar in bhur mbothanna á rá: ‘Le barr fuatha dúinn a thug an Tiarna amach as tír na hÉigipte sinn, d'fhonn sinn a thabhairt ar láimh do na hAmóraigh, agus a scrios ar an gcuma sin!

28. Cá bhfuil ár dtriall? Chuir ár mbráithre féin lagmhisneach orainn: “Is mó agus is airde iad na daoine ná sinne,” ar siad, “tá a gcathracha ábhalmhór le ballaí a shroicheann chun neimhe; chonaiceamar clann Anácaím ann chomh maith.’ ”

29. Agus dúirt mé libh: “Ná bíodh scéin ná eagla oraibh rompu.

30. Beidh an Tiarna bhur nDia ag gabháil romhaibh amach agus é féin ag troid ar bhur son, faoi mar a rinne ar bhur son san Éigipt os comhair bhur súl.

31. Fuair tú radharc air leis san fhásach; conas mar a d'iompair an Tiarna Dia thú, faoi mar a dhéanfadh athair a mhac, an bealach go léir a ghabh sibh go dtí gur bhain sibh amach an áit seo.”

32. Ach dá ainneoin sin uile níl creideamh agaibh sa Tiarna, bhur nDia,

33. an té sin a ghabh romhaibh ar an tslí le háit champála a fháil daoibh, agus é sa tine san oíche ag soilsiú an chosáin daoibh, agus sa néal sa lá.

34. “Chuala an Tiarna bhur gcuid cainte, agus mhionnaigh sé le fearg:

35. ‘Ní fheicfidh fiú duine de na daoine seo, den ghlúin chlaon seo, an tír shaibhir a mhionnaigh mé a thabharfainn do bhur n‑aithreacha,

36. seachas Cálaeb mac Iafuna. Feicfidh seisean é. Dósan agus dá shliocht, tabharfaidh mé an talamh ar ar leag sé cos, óir lean sé an Tiarna go beacht!’

37. Bhí an Tiarna i bhfearg liomsa leis de bhur mbarrsa, agus dúirt: ‘Ní rachaidh tusa ansiúd isteach ach chomh beag.

38. Iósua mac Nún, do shearbhónta, is ea a rachaidh isteach; tabhair misneach dó óir is é a chuirfidh Iosrael i seilbh na tíre.

39. Bhur miondaoine leis, iad siúd a dúirt sibh a ghabhfaí mar chreach, agus nach bhfuil fios na maitheasa agus an oilc fós acu, rachaidh siadsan ansiúd isteach; tabharfaidh mé dóibh é agus beidh sé ina seilbh acu.

40. Ach maidir libhse, iompaígí agus siar libh faoin bhfásach i dtreo Mhara Súf.’

41. “Ansin d'fhreagair sibh mé: ‘Pheacaíomar in aghaidh an Tiarna ár nDia. Rachaimid suas agus troidfimid mar a d'ordaigh an Tiarna ár nDia dúinn.’ Ghabh gach duine agaibh a arm catha chuige agus in airde faoi na harda libh le flosc.

42. Ach dúirt an Tiarna liom: ‘Abair leo: Ná téigí suas ag troid - nílimse faraibh - le heagla go mbeadh an bua ag bhur naimhde oraibh.’

43. Dúirt mé sin libh, ach ní éisteodh sibh liom, ach ceannairc á dhéanamh in aghaidh ordú an Tiarna, agus dul suas faoi na harda le barr dánaíochta.

44. Na hAmóraigh, an mhuintir a chónaíonn sa dúiche shléibhteach sin, amach leo in bhur n‑aghaidh mar shaithe beach, agus chuadar sa tóir oraibh agus phleancadar sibh i Saeír agus ar aghaidh go Hormá.

45. Agus ar fhilleadh daoibh, shil sibh deora i láthair an Tiarna; ach níor éist an Tiarna le bhur nglór ná níor thug sé cluas daoibh.

Léigh chaibidil críochnaithe Deotranaimí 1