Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 1:24-37 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

24. Thugadar-san aghaidh ar na hardáin; thángadar chomh fada le Gleann Eisciol agus rinneadar é a thaiscéaladh.

25. Rinneadar cuid de thorthaí na tíre a chnuasach agus a thabhairt anuas chugainn; is é scéala a thugadar chugainn: ‘Tír thorthúil é an tír a thug an Tiarna ár nDia dúinn.’

26. Níorbh áil libh gabháil isteach ann mar sin féin agus rinne sibh ceannairc in aghaidh ordú an Tiarna bhur nDia.

27. Rinne sibh monabhar in bhur mbothanna á rá: ‘Le barr fuatha dúinn a thug an Tiarna amach as tír na hÉigipte sinn, d'fhonn sinn a thabhairt ar láimh do na hAmóraigh, agus a scrios ar an gcuma sin!

28. Cá bhfuil ár dtriall? Chuir ár mbráithre féin lagmhisneach orainn: “Is mó agus is airde iad na daoine ná sinne,” ar siad, “tá a gcathracha ábhalmhór le ballaí a shroicheann chun neimhe; chonaiceamar clann Anácaím ann chomh maith.’ ”

29. Agus dúirt mé libh: “Ná bíodh scéin ná eagla oraibh rompu.

30. Beidh an Tiarna bhur nDia ag gabháil romhaibh amach agus é féin ag troid ar bhur son, faoi mar a rinne ar bhur son san Éigipt os comhair bhur súl.

31. Fuair tú radharc air leis san fhásach; conas mar a d'iompair an Tiarna Dia thú, faoi mar a dhéanfadh athair a mhac, an bealach go léir a ghabh sibh go dtí gur bhain sibh amach an áit seo.”

32. Ach dá ainneoin sin uile níl creideamh agaibh sa Tiarna, bhur nDia,

33. an té sin a ghabh romhaibh ar an tslí le háit champála a fháil daoibh, agus é sa tine san oíche ag soilsiú an chosáin daoibh, agus sa néal sa lá.

34. “Chuala an Tiarna bhur gcuid cainte, agus mhionnaigh sé le fearg:

35. ‘Ní fheicfidh fiú duine de na daoine seo, den ghlúin chlaon seo, an tír shaibhir a mhionnaigh mé a thabharfainn do bhur n‑aithreacha,

36. seachas Cálaeb mac Iafuna. Feicfidh seisean é. Dósan agus dá shliocht, tabharfaidh mé an talamh ar ar leag sé cos, óir lean sé an Tiarna go beacht!’

37. Bhí an Tiarna i bhfearg liomsa leis de bhur mbarrsa, agus dúirt: ‘Ní rachaidh tusa ansiúd isteach ach chomh beag.

Léigh chaibidil críochnaithe Deotranaimí 1