9. Leis an Tiarna, ár nDia, a bhaineann trócaire agus maithiúnas mar rinneamar ceannairc ina aghaidh.
10. Níor éisteamar le guth an Tiarna, ár nDia, á rá linn maireachtáil de réir a dhlíthe, faoi mar a chuir sé faoinár mbráid iad trína shearbhóntaí na fáithe.
11. Sháraigh Iosrael uile do dhlí; bhailigh siad leo gan éisteacht le do ghuth. An mhallacht agus an mionn atá scríofa i ndlí Mhaois, searbhónta Dé, tá siad doirte sa mhullach orainne, mar gur pheacaíomar ina aghaidh.
12. Chomhlíon sé na briathra a labhair sé inár n‑aghaidh agus in aghaidh ár rialtóirí a rialaigh sinn; thug sé tubaiste chomh mór sin orainn nach bhfuil leithéid a ndearnadh in aghaidh Iarúsailéim déanta in aon áit faoin spéir.