Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Dainéil (Gr) 9:7-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Is leatsa an fhíréantacht, a Thiarna, ach orainne tá ceann faoi amhail atá an lá seo féin, ar mhuintir Iúdá, ar áitritheoirí Iarúsailéim, ar Iosrael uile, i mbaile agus i gcéin sna tíortha uile inar dhíbir tú iad toisc tú a bhrath mar a rinne siad.

8. Orainne, a Thiarna, tá ceann faoi, ar ár ríthe, ar ár bprionsaí, ar ár n‑aithreacha, mar gur pheacaíomar i d'aghaidh.

9. Leis an Tiarna, ár nDia, a bhaineann trócaire agus maithiúnas mar rinneamar ceannairc ina aghaidh.

10. Níor éisteamar le guth an Tiarna, ár nDia, á rá linn maireachtáil de réir a dhlíthe, faoi mar a chuir sé faoinár mbráid iad trína shearbhóntaí na fáithe.

11. Sháraigh Iosrael uile do dhlí; bhailigh siad leo gan éisteacht le do ghuth. An mhallacht agus an mionn atá scríofa i ndlí Mhaois, searbhónta Dé, tá siad doirte sa mhullach orainne, mar gur pheacaíomar ina aghaidh.

12. Chomhlíon sé na briathra a labhair sé inár n‑aghaidh agus in aghaidh ár rialtóirí a rialaigh sinn; thug sé tubaiste chomh mór sin orainn nach bhfuil leithéid a ndearnadh in aghaidh Iarúsailéim déanta in aon áit faoin spéir.

13. Mar atá scríofa i ndlí Mhaois tá an tubaiste seo go léir tagtha orainn; ach níor impíomar fabhar i láthair an Tiarna, ár nDia, agus filleadh ónár gcionta agus a géilleadh do d'fhírinne.

14. Uime sin rinne an Tiarna faire ar an urchóid agus thug anuas orainn í; mar is fíréan é an Tiarna, ár nDia, san uile obair dá ndearna sé agus níor éisteamar lena ghuth.

15. Anois, a Thiarna, ár nDia, a thug do phobal ó thalamh na hÉigipte amach le láimh chumhachtach - agus maireann a cháil sin go dtí inniu féin - tá an peaca, an urchóid, déanta againne.

16. A Thiarna, de réir iomad do ghníomhartha fíréanta, iompaíodh d'fhearg is do chuthach ó do chathair Iarúsailéim, do shliabh naofa; mar trínár bpeacaí agus trí choireanna ar n‑aithreacha, tá Iarúsailéim agus do phobal ina ábhar gáire ag cách máguaird orainn.

Léigh chaibidil críochnaithe Dainéil (Gr) 9