Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Dainéil (Gr) 9:14-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. Uime sin rinne an Tiarna faire ar an urchóid agus thug anuas orainn í; mar is fíréan é an Tiarna, ár nDia, san uile obair dá ndearna sé agus níor éisteamar lena ghuth.

15. Anois, a Thiarna, ár nDia, a thug do phobal ó thalamh na hÉigipte amach le láimh chumhachtach - agus maireann a cháil sin go dtí inniu féin - tá an peaca, an urchóid, déanta againne.

16. A Thiarna, de réir iomad do ghníomhartha fíréanta, iompaíodh d'fhearg is do chuthach ó do chathair Iarúsailéim, do shliabh naofa; mar trínár bpeacaí agus trí choireanna ar n‑aithreacha, tá Iarúsailéim agus do phobal ina ábhar gáire ag cách máguaird orainn.

17. Uime sin, éist, a Dhia, le hachainí dá shearbhónta agus lena urnaithe. Ar do shon féin, a Thiarna, go ndealraí do ghnúis ar do shanctóir tréigthe.

18. Claon do chluas, a Dhia liom, agus éist; oscail do shúile agus feic ár n‑ainnise agus an chathair ar a nglaoitear d'ainm; mar ní toisc ár ndea-oibreacha a chuirimid ár n‑urnaithe i do láthair, ach toisc iomad do mhórthrócaire.

19. A Thiarna, tabhair cluas dúinn! a Thiarna, tabhair maithiúnas! A Thiarna, tóg ceann dúinn agus déan beart! Ná moilligh - ar do shon féin! a Dhia, mar tá glaoite ar d'ainm i gcabhair ar do chathair agus ar do phobal.”

20. Labhair mé arís, agus ghuigh mé ag admháil mo pheacaí féin agus peacaí mo phobail, Iosrael, agus ag déanamh m'urnaí i láthair an Tiarna, mo Dhia, ar son shliabh naofa mo Dhé.

21. Ag labhairt dom i mo ghuí, tháinig chugam faoi lánseol, Gaibriéil - an neach a bhí feicthe agam i bhfís ar dtús - ar uair íobartha na nóna.

22. Dúirt sé liom: “A Dhainéil, seo mise: tháinig mé amach chun teacht agus tú a theagasc san eagna.

23. I dtosach d'achainí ghabh briathar amach agus táim tagtha chun é a insint duit mar is mór mar a thugtar grá duit. Iniúch an focal, tuig an fhís:

24. Tá seachtó seachtain beartaithedo do mhuintir agus do do chathair naofa,chun deireadh a chur leis an sárú,chun críoch a chur leis na peacaí,chun leorghníomh a dhéanamh san éagóir,chun fíréantas síoraí a thabhairt i láthair,chun fís agus fáistine a shéalú,chun ionad rónaofa a ungadh.

25. Bíodh a fhios agat agus tuig i d'aigne,ó théann an t‑ordú seo amach:‘Athchóirítear agus tógtar Iarúsailéim,’go teacht ungthaigh, prionsa, seacht seachtaine;agus ar feadh dhá sheachtain agus trí fichidbeifear á thógáil arís le cearnóga agus móta- ach in aimsir bhuartha.

26. Agus tar éis an dá sheachtain is trí fichidgearrfar anuas ungthach [agus fágfar dealbh é].Scriosfar an chathair agus an sanctóirfaoi láimh an phrionsa atá le teacht.Beidh a chríoch i dtuile,agus beidh cogadh go dtí an chríoch;tá mórchuid léirscriosta ceaptha.

Léigh chaibidil críochnaithe Dainéil (Gr) 9