Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Dainéil (Gr) 9:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Sa chéad bhliain de réimeas Dháire, mac Áisiuéaróis, de chine na Méideach, a rialaigh ríocht na gCaildéach -

2. sa chéad bhliain dá réimeas, scrúdaigh mise, Dainéil, an scrioptúr ag ríomh líon na mblianta, de réir mar a d'fhoilsigh Dia don fháidh Irimia, ba chóir a chomhlíonadh sula mbeadh críoch le scriosadh agus milleadh Iarúsailéim - seachtó bliain.

3. Ansin d'iompaigh mé m'aghaidh ar an Tiarna Dia, á thóraíocht le guí agus le hurnaí, le troscadh, le sacéadach agus le luaithreach.

4. Ghuigh mé chun an Tiarna mo Dhia, agus rinne mé admháil mar a leanas: “Ó, a Thiarna, a Dhia mhór na heagla, a chomhlíonann an conradh agus an buanghrá dóibh siúd a ghránn tú agus a choimeádann d'aitheanta,

5. pheacaíomar, rinneamar éagóir, rinneamar urchóid, rinneamar brath, ag tréigean d'aitheanta agus do reachta.

6. Níor éisteamar le do shearbhóntaí, na fáithe, a labhair i d'ainm lenár ríthe, ár bprionsaí, ár n‑aithreacha, agus le pobal uile na tíre.

7. Is leatsa an fhíréantacht, a Thiarna, ach orainne tá ceann faoi amhail atá an lá seo féin, ar mhuintir Iúdá, ar áitritheoirí Iarúsailéim, ar Iosrael uile, i mbaile agus i gcéin sna tíortha uile inar dhíbir tú iad toisc tú a bhrath mar a rinne siad.

8. Orainne, a Thiarna, tá ceann faoi, ar ár ríthe, ar ár bprionsaí, ar ár n‑aithreacha, mar gur pheacaíomar i d'aghaidh.

9. Leis an Tiarna, ár nDia, a bhaineann trócaire agus maithiúnas mar rinneamar ceannairc ina aghaidh.

10. Níor éisteamar le guth an Tiarna, ár nDia, á rá linn maireachtáil de réir a dhlíthe, faoi mar a chuir sé faoinár mbráid iad trína shearbhóntaí na fáithe.

11. Sháraigh Iosrael uile do dhlí; bhailigh siad leo gan éisteacht le do ghuth. An mhallacht agus an mionn atá scríofa i ndlí Mhaois, searbhónta Dé, tá siad doirte sa mhullach orainne, mar gur pheacaíomar ina aghaidh.

Léigh chaibidil críochnaithe Dainéil (Gr) 9