13. Ansin tugadh Dainéil os comhair an rí, agus dúirt an rí le Dainéil: “An tusa Dainéil, de chine díbeartha Iúdá a thug m'athair, an rí, leis ó Iúdá?
14. Chuala á rá é go bhfuil spiorad an Naomh-Dhé ionat, agus go bhfuil solas agus tuiscint agus eagna thar barr ionat.
15. Tugadh chugam saoithe agus draoithe chun an scríbhinn seo a léamh agus a ciall a fhoilsiú dom, ach chuaigh díobh a ciall a aimsiú.
16. Chuala mé á rá é go bhfuil ar do chumas mínithe a thabhairt agus fadhbanna a réiteach. Anois má fhéadann tú an scríbhinn seo a léamh agus a ciall a fhoilsiú dom, cuirfear éide chorcra umat, slabhra óir ar do mhuineál, agus beidh tú ar an tríú rialtóir sa ríocht.”
17. D'fhreagair Dainéil agus dúirt sé os comhair an rí: “Bíodh do bhronntanais agat duit féin agus tabhair do thuarastail do dhaoine eile! Ach ó mo thaobhsa de, léifidh mé an scríbhinn seo don rí agus nochtfaidh mé an chiall dó.
18. A rí, thug Dia, an Té is Airde, flaitheas agus mórgacht, glóir agus ríogacht, do Nabúcadnazar d'athair.
19. De bhrí na mórgachta a bhronn sé air chreathnaigh an uile phobal agus chine agus theanga roimhe le heagla; mharaíodh sé mar ab áil leis; thugadh sé anacal anama mar ba mhian leis; d'ardaíodh sé an té ab áil leis, d'íslíodh sé an té ba mhian leis.
20. Ach nuair a bhorr a chroí agus gur chruaigh a spiorad le neart uabhair, tiomáineadh óna shuí ríoga é agus baineadh a ghlóir de.
21. Díbríodh ó chomhluadar daoine é agus chuaigh a chroí i gcosúlacht le croí na mbeithíoch; lonnaigh sé leis na hasail fhiáine; d'ith sé féar dála an daimh; fliuchadh a chorp ó dhrúcht neimhe chun go raibh a fhios aige gurb é an té is Airde a rialaíonn ríocht na ndaoine, agus go gcuireann sé an té is mian leis ina feighil.
22. Ach tusa, a Bhéilseazar, a mhac siúd, níor umhlaigh tú do chroí cé gurbh eol duit é seo go léir;
23. ach d'ardaigh tú thú féin in aghaidh Tiarna neimhe; tugadh soithí a thí i do láthair agus d'ól tú féin agus do mhaithe, do mhná agus do leannáin, deoch fíona astu; agus mhol tú déithe óir agus airgid, práis agus iarainn, adhmaid agus cloiche, déithe gan radharc, gan éisteacht, gan eolas; ach an Dia a bhfuil d'anáil faoina láimh, agus do shlite uile ina sheilbh, níor thug tú glóir dó.
24. Óna láthair a seoladh an lámh seo a rianaigh an scríbhinn seo ina haonar.
25. Is í seo an scríbhinn a scríobhadh: mené, mené, tecél, agus parsín.
26. Seo ciall na bhfocal sin: mené: ríomhaigh Dia laethanta do ríochta agus tá sí tugtha chun críche aige,
27. tecél: Meádh thú sa mheá agus fuarthas easpa ort,
28. parsín: tá do ríocht deighilte agus tugtha do na Méidigh agus do na Peirsigh.”
29. Ansin d'ordaigh Béilseazar Dainéil a éidiú i gcorcra, slabhra óir a chur ar a mhuineál, agus a fhógairt go raibh sé ar an tríú rialtóir sa ríocht.