1. Bhí mise, Nabúcadnazar, go socair i mo theach agus faoi bhláth i mo phálás.
2. Rinneadh taibhreamh dom a chuir scanradh orm: i mo luí dom ar mo leaba bhuair mo smaointe agus físeanna mo chinn mé.
3. Uime sin thug mé ordú saoithe na Bablóine uile a thabhairt i mo láthair i dtreo go n‑inseoidís ciall an taibhrimh dom.
4. Ansin tháinig na draoithe, na hasarlaithe, na Caildéigh agus na fáistinigh isteach agus d'inis mé an taibhreamh dóibh, ach ní fhéadfaidís a chiall a chur in iúl dom.
5. Faoi dheireadh tháinig Dainéil isteach i mo láthair - é siúd ar ar tugadh Béiltiseazar de réir ainm mo dhé, agus ina bhfuil spiorad an Naomh-Dhé - agus d'inis mé an taibhreamh dó á rá:
6. “A Bhéiltiseazar, a cheannaire na ndraoithe, mar gurb eol dom go bhfuil spiorad an Naomh-Dhé ionat agus nach cás duit aon rún: seo é an taibhreamh a rinneadh dom agus inis a chiall dom:
7. Ba iad seo físeanna mo chinn ar mo luí dom ar mo leaba:Féach: cranni lár na talún;ba mhór a airde.
8. D'fhás an crann agus neartaigh;ráinig a bharr chun neimhe,agus bhí radharc air ó chiumhaiseanna na cruinne.
9. B'álainn a dhuilliúr, ba líonmhar a thoradh.Ba ann a fuair cách cothú,Bhí sé ina scáth ag ainmhithe an mhachaire,agus lonnaigh éanlaith an aeir ina ghéaga,agus cothaíodh an uile fheoil leis.
10. Chonaic mé i bhfíseanna mo chinn ar mo leaba:Féach! fear faire fíréan a tháinig ó neamh anuas.
11. D'fhógair sé in ard a chinn:‘Gearraigí anuas an crann, ciorraígí a ghéaga de,croithigí a dhuilliúr de, cuirigí scaipeadh ar a thoradh;teitheadh na hainmhithe óna scáth,agus an éanlaith óna ghéaga.
12. Ach fágaigí an stocán leis na fréamhacha sa talamh,agus slabhra iarainn agus práis á cheangal,i bhféar mín an mhachaire.Fliuchtar é ó dhrúcht neimhe,agus gurb é féar na talún a chuid ronna i gcuibhreann na n‑ainmhithe fiáine.
13. Athraítear a chroí ó bheith ina chroí daonna;tugtar croí ainmhí dó,agus téadh seacht n‑aimsir thairis.
14. Sin breith na bhfear faireagus réiteach na ceiste i bhfocal na Naomh,d'fhonn is go mbeadh a fhios ag gach aon duine beogo bhfuil flaitheas ag an té is Airde ar ríocht na ndaoine;agus go dtugann sé í don té is mian leisagus go gcuireann sé an té is uirísle ar dhaoine os a cionn.’
15. “Sin é agaibh an taibhreamh a rinneadh domsa, Nabúcadnazar rí. Agus tusa, a Bhéiltiseazar, foilsigh a chiall mar nár fhéad aon duine de shaoithe mo ríochta a chiall a fhoilsiú dom; ach féadann tusa mar tá spiorad an Naomh-Dhe ionat.”
16. Ansin bhí Dainéil - ar a dtugtaí Béiltiseazar - trí chéile scaitheamh agus ar mearbhall aigne. Labhair an rí agus dúirt: “Ná cuireadh an taibhreamh seo ná a chiall aon chaduaic ort, a Bhéiltiseazar.” D'fhreagair Béiltiseazar: “Go raibh an taibhreamh seo dóibh siúd a thugann fuath duit, agus a chiall do do naimhde.
17. An crann sin a chonaic tú, mór agus láidir, agus a ráinig chun neimhe, agus a raibh radharc air ó chiumhaiseanná na cruinne,
18. arbh álainn a dhuilliúr agus arbh líonmhar a thoradh, a chothaigh cách, agus a thug scáth d'ainmhithe an mhachaire, agus ar lonnaigh éanlaith an aeir ina ghéaga -
19. sin é tusa, a rí, a d'fhás agus a neartaigh. Mhéadaigh ar d'ardréim agus ráinig chun neimhe, agus do fhlaitheas go ciumhaiseanna na cruinne.
20. Agus maidir leis seo a chonaic an rí: fear faire, naomh, a tháinig anuas ó neamh agus a dúirt: ‘Gearraigí anuas an crann, milligí é, ach fágaigí an stocán agus na fréamhacha sa talamh, faoi shlabhraí iarainn agus práis, i bhféar mín an mhachaire, fliuchtar é ó dhrúcht neimhe agus bíodh a chuid aige i gcuibhreann an n‑ainmhithe fiáine, go dté seacht n‑aimsir thairis’ -
21. seo í an chiall, a rí, agus reacht an té is Airde atá tagtha i bhfeidhm ar mo thiarna, an rí:
22. Díbreofar thú ó chomhluadar daoine,agus lonnóidh tú le hainmhithe an mhachaire,agus caithfidh tú féar a ithe dála an daimh;fliuchfar thú ó dhrúcht neimhe,agus rachaidh seacht n‑aimsir tharat,chun go mbeidh a fhios agatgur ag an té is Airde atá ardfhlaitheas ar ríocht na ndaoine,agus go dtugann sé í don té is áil leis.
23. “Agus an t‑ordú seo: Fágaigí an stocán agus fréamhacha an chrainn, ciallaíonn sé go seasfaidh do ríocht duit nó go mbeidh a fhios agat gurb é Neamh a rialaíonn gach ní.
24. Glac mo chomhairle dá bhrí sin, a rí: Ruaig uait do pheacaí leis an bhfíréantacht a chleachtadh agus d'urchóidí le déirc do bhochta d'fhonn go rachadh fad ar do shíocháin.”
25. Tháinig sé sin go léir sa mhullach ar Nabúcadnazar.
26. I gceann dhá mhí dhéag bhí sé ag spaisteoireacht ar dhíon pháláis ríoga sa Bhablóin.
27. Agus dúirt an rí: “Nach í seo an Bhablóin mhór a thóg mé mar shuí ríogachta le neart mo chumhachta agus chun glóir mo mhórgachta?”
28. Sula raibh na focail sin thar a bhéal aige thit guth ó na flaithis:Is leatsa a labhraíodh, a rí Nabúcadnazar!Tá an flaitheas imithe uait!
29. Díbreofar thú ó chomhluadar daoine,agus lonnóidh tú le hainmhithe an mhachaire.Caithfidh tú féar a ithe dála an daimh,agus rachaidh seacht n‑aimsir tharat,chun go mbeidh a fhios agatgur ag an Té is Airde atá ardfhlaitheas ar ríocht na ndaoine,agus go dtugann sé í don té is áil leis.
30. Tháinig an briathar chun críche ar Nabúcadnazar gan mhoill. Díbríodh ó chomhluadar daoine é, agus chrom sé ar fhéar a ithe dála an daimh; fliuchadh é ó dhrúcht neimhe nó gur fhás a ghruaig mar chleiteach iolair, agus a ingne mar chrúba éin.
31. I gcríoch na laethanta úd, thóg mise, Nabúcadnazar, mo shúile chun neimhe; d'fhill mo mheabhair orm agus bheannaigh mé an Té is Airde:Mhol mé agus ghlóirigh mé é siúd a mhaireann go brách.Flaitheas síoraí a fhlaitheas.Tá a thiarnas ó ghlúin go glúin.
32. Sa mheá le náid a chuirtear áitritheoirí uile na cruinne;ar a thoil atá riaradh sluaite neimhe,agus áitritheoirí na cruinne.Ní fhéadann neach a lámh a choscná a rá leis: “Cad atá agat á dhéanamh?
33. Láithreach bonn d'fhill mo mheabhair orm, agus, chun glóir mo ríogachta, d'fhill orm m'onóir agus mo dhealramh. Lorg mo chomhairleoirí agus mo mhaithe mé; daingníodh i mo ríocht mé agus mhéadaigh ar mo mhórgacht a thuilleadh fós.
34. Anois, mise Nabúcadnazarmolaim, móraim agus glóirím Rí neimhe,mar is fíréan iad a oibreacha go léir,agus is cóir iad a shlite uile,agus is féidir leis lucht uaibhreach iompar a ísliú.