Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Dainéil (Gr) 3:93-100 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

93. Ansin dhruid Nabúcadnazar le béal na foirnéise ag spréacharnach le lasair agus dúirt: “A Sheadrac, a Mhéiseac, a Aibéid Neagó, a fhónann don Dia ro-ard, tagaigí amach, agus tagaigí anseo.” Ansin tháinig Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó amach as lár na tine.

94. Chruinnigh na satraip, na huachtaráin, na rialtóirí, na comhairleoirí le chéile agus chonaic siad nach raibh cumhacht ar bith ag an tine ar chorp na bhfear úd agus nár loisceadh folt a gcinn, nár milleadh a n‑éadaí, agus nár bhain boladh na tine leo.

95. Labhair Nabúcadnazar agus dúirt go hard: “Moladh le Dia Sheadrac, Mhéiseac agus Aibéid Neagó a chuir uaidh a aingeal, agus a d'fhuascail a shearbhóntaí a chuir a muinín ann; níor ghéill siad d'ordú an rí ach a gcorp a thabhairt suas níos túisce ná fónamh do dhia ar bith ach a nDia féin, ná é a adhradh.

96. Uime sin tugaim ordú: ‘Aon phobal nó treibh nó teanga a labhróidh focal in aghaidh Dé Sheadrac, Mhéiseac agus Aibéid Neagó a stolladh ina spólaí agus a dtithe a scartáil ó bhonn: mar níl aon dia eile a fhéadann fóirithint ar an gcuma seo.’ ”

97. Ansin chuir an rí Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó chun cinn i gcúige na Bablóine.

98. Nabúcadnazar, rí, do gach pobal, treibh agus teanga dá gcónaíonn ar talamh i ngach cearn: Síocháin libh ina tuile!

99. Bheartaigh mé gur chóir na comharthaí agus na fearta a thug an tArd-Dia chun críche tríomsa a fhoilsiú.

100. Nach mór iad a chomharthaí!Nach tréan iad a fhearta!Ríocht shíoraí a ríocht!Tá a fhlaitheas ó ghlúin go glúin!

Léigh chaibidil críochnaithe Dainéil (Gr) 3