Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Dainéil (Gr) 3:9-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Dúirt siad leis an rí Nabúcadnazar: “A rí, fad gach aon fhaid ar do shaol!

10. Thug tú ordú, a rí, gach aon duine a chloisfeadh glór na hadhairce, na píbe, na lire, na triogóine, na cruite, na bpíb mála, agus gach sórt uirlise ceoil, a thitim chun talún agus adhradh a thabhairt don íomhá óir;

11. dá mbeadh aon duine nach dtitfeadh chun talún agus nach n‑adhrfadh, é a chaitheamh isteach i lár foirnéise ag spréacharnach le lasair.

12. Tá Giúdaigh áirithe a chuir tú i bhfeighil gnóthaí chúige na Bablóine, Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó; rinne na daoine seo beag de d'orduithe, a rí; ní fhónann siad do do dhéithe ná ní adhrann siad an íomhá órga atá curtha in airde agat.”

13. Ansin d'aithin Nabúcadnazar agus cuthach feirge air, Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó a bhreith chuige. Ansin thug siad iad seo i láthair an rí.

14. Dúirt Nabúcadnazar leo: “An fíor, a Sheadrac, a Mhéiseac, a Aibéid Neagó, nach bhfónann sibh do mo dhéithe agus nach n‑adhrann sibh an íomhá óir atá curtha in airde agam?

15. Nuair a chloisfidh sibh glór na hadhairce, na píbe, na lire, na triogóine, na cruite, na bpíb mála, agus gach sórt uirlise ceoil, an bhfuil sibh ullamh sibh féin a chaitheamh chun talún agus adhradh a thabhairt don íomhá atá déanta agam? Mura ndéanann sibh í a adhradh, caithfear sibh láithreach baill isteach i lár foirnéise ag spréacharnach le lasair, agus cé hé an dia a fhuasclóidh sibh ó mo láimhse?”

16. D'fhreagair Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó an rí Nabúcadnazar: “Ní gá dúinn,” arsa siad, “freagra a thabhairt ort sa ghnó seo.

17. Is féidir sa chás sin lenár nDia, dá bhfónaimid, sinn a shaoradh ón bhfoirnéis ag spréacharnach le lasair agus ó do láimhse, a rí; agus déanfaidh sé sinn a shaoradh.

18. Mura ndéana sé amhlaidh, bíodh a fhios agat, a rí, nach bhfónfaimid do do dhia ná nach n‑adhrfaimid an íomhá atá curtha in airde agat.”

19. Ansin líon Nabúcadnazar le fearg, agus chlaochlaigh dealramh a ghnúise i leith Sheadrac, Mhéiseac agus Aibéid Neagó. D'aithin sé an fhoirnéis a théamh níos teo faoi sheacht ná mar ba ghnáth

20. agus d'ordaigh sé do thréanfhir áirithe dá shluaite Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó a cheangal agus a theilgean isteach san fhoirnéis ag spréacharnach le lasair.

21. Ansin ceanglaíodh iad agus idir mhatail agus chótaí, idir hataí agus éidí eile á gcaitheamh acu, agus teilgeadh iad isteach san fhoirnéis ag spréacharnach le lasair.

22. Ba theann é ordú an rí agus ba the í an tine, agus dá bharr sin loisc lasair na tine ina mbeatha na fir a d'iompair Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó.

23. Ach maidir leis an triúr, Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó, thit siad faoina gceangail isteach san fhoirnéis ag spréacharnach le lasair.

24. Shiúil siad timpeall i lár na lasrach ag moladh Dé, agus ag glóiriú an Tiarna.

25. Sheas Azairiá agus ghuigh mar a leanas ag oscailt a bhéil i lár na lasrach ag rá:

26. Glóir duit, a Thiarna, Dia ár n‑aithreacha, a thuilleann moladh,agus moladh go deo le d'ainm.

27. Mar is cóir thú i ngach a bhfuil déanta agat agus is fíord'oibreacha go léir,is is díreach do shlite,is is fírinneach do bhreithiúnais.

Léigh chaibidil críochnaithe Dainéil (Gr) 3