83. Glóirígí an Tiarna, a Iosrael,molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.
84. Glóirígí an Tiarna, a shagarta,molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.
85. Glóirígí an Tiarna, a shearbhóntaí Dé,molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.
86. Glóirígí an Tiarna, a spiorada agus a anamacha na bhfíréan,molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.
87. Glóirígí an Tiarna, a naomha agus a ísle ó chroí,molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.
88. Glóirígí an Tiarna, a Hanainiá, a Azairiá, a Mhíséil,molaigí é agus móraigí é go hard de shíor,mar d'fhuascail sé sinn ó Sheól,sciob sé sinn ó chumhacht an bháis,shaor sé sinn ó lasair loiscneach na foirnéise,agus d'fhuascail sé sinn ó lár na tine.
89. Beirigí buíochas le Dia, mar is maith é,mar maireann a thrócaire go deo.
90. Glóirígí Dia na ndéithe, sibhse uile a adhrann an Tiarna,molaigí é agus altaígí dó,mar maireann a thrócaire le saol na saol.
91. Ansin tháinig líonrith ar an rí Nabúcadnazar agus d'éirigh sé faoi dheifir. Chuir sé ceist ar a chomhairleoirí: “Nach triúr fear i gcuibhreacha a chaitheamar isteach sa tine?” D'fhreagair siadsan an rí: “Sea go deimhin, a rí.”
92. Dúirt seisean: “Feicim, áfach, ceathrar fear gan chuibhreacha ag siúl timpeall i lár na tine gan dochar déanta dóibh, agus is cosúil le mac de chuid na ndéithe an ceathrú duine ar a dhealramh.”